Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Genesis 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Sarah ar na taḃairt ó Abraham, aisiogṫar í saor. 17 Ag aṫċoinniḋ Abraham slanaiġṫear Abimeleċ.

1 Agus do ġluáis Abraham as sin don tir bu ḋeas, agus do áitreaḃ eidir Cades agus Súr, agus do rinne coṁnuiḋe ann, Gerar.

2 Agus a duḃairt Abraham a ttáoḃ Ṡárah a ṁná, A si mo ḋeirḃṡiur í: agus do ċuir Abimeleċ riġ Gérar fios, agus do ġlac sé Sárah.

3 Aċ táinic Dia go Habimeleċ a naisling sa noiḋċé, agus a duḃairt ris, Feuċ, ní ḃfuil ionnad aċ duine marḃ tres an mnáoi do ġlac tú; oir is bean fir í.

4 Aċ ní ṫáinig Abimeleċ na gar: aċd a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA, an muirfiḋ tu mar sin cineaḋ ionnruic?

5 Naċ duḃairt seision riomsa, Sí mo ḋeirḃṡíur í? agus sisi mar an gcéudna, isi féin a duḃairt, Sé mo ḋearḃraṫair é: a simpliḋeaċd mo ċroiḋe, agus a neiṁċionta mo laṁ, do rinne misi so.

6 Agus a duḃairt Día a naisling ris, Is fior, is aiṫniḋ daṁsa gur ó ċroiḋe ġlan do rinne tú so; óir do ċonnuiṁ mé ó ṗeacaḋ do ḋeunaṁ am aġaiḋ ṫú: uime sin nar léig mé duit buáin ria.

7 Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.

8 Uime sin do éiriġ Abimeleċ go moċ ar maidin, agus do ġoir a ṡerḃísiġ uile, agus do innis na neiṫesi uile ann a gclúasuiḃ: agus do líonadar na dáoine deagla ṁóir.

9 Ann sin do ġoir Abimeleċ Abraham, agus a duḃairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurċóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacaḋ mór oram féin agus ar mo rioġaċd? do rinne tú gníoṁa orumsa nár ċóir a ḋéunaṁ.

10 Agus a duḃairt Abimeleċ ré Abraham, Créd do ċonnairc tú as a ndearna tú an ní si?

11 Agus a duḃairt Abraham, Do ċionn gur ṡáoil mé, Go deiṁin naċ ḃfuil eagla Dé sa náitse; agus go muirfiḋe misi ar son mo ṁná.

12 Agus go deiṁin ṫairis sin a si mo ḋearḃṡiúr í; is inġean dom aṫair í, aċ ní hinġean dom ṁaṫair í; agus tugaḋ na mnáoi ḋaṁ í.

13 Agus tárla, a nuáir ṫug Día ormsa imṫeaċd roṁam ó ṫiġ maṫar, do ráiḋ me ría, Is é so do ċineáltussa do ḋéunas tú orumsa; ann gaċ uilé ḃall iona ttiucfam, abair dom ṫáoḃsa, A sé mo ḋearḃraṫair é.

14 Agus do ġlac Abimeleċ cáoiriġ, agus daiṁ, agus ógláoiċ, agus inniltiġ, agus tug do Abraham íad, agus do aisig Sarah a ḃean dó.

15 Agus a duḃairt Abimeleċ, Féuċ, atá mo ḋuṫaiġ as do ċoinne: coṁnuiġ sa náit is fearr ċítear ḋuit.

16 Agus ré Sárah a dubbairt sé, Féuċ, tug mé dot ḋearḃraṫair míle píosa airgid: féuċ atá sé ḋuitsi na ḟolaċ súl, do nuile da ḃfuil ad ḟoċair, agus a ḃfoċair a nuile eile: mar sin fuáir si aċṁusán.

17 Ann sin do ġuiḋ Abraham Día: agus do leiġis Día Abimeleċ, agus a ḃean, agus inniltiġ; agus rugadar clann.

18 Oír do ḋruid an TIĠEARNA go daingean a nuile ḃrú a ttiġ Abimeleċ, ar son Ṡárah bean Abraham.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ