Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Exodus 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Táinic Ietro aṫair ċliaṁuin Ṁaoise dá ḟiosruġaḋ. 13 Daóntuiġ Maoise da ḋeaġ ċoṁairle.

1 A nuair do ċualuiḋ Ietro sagart Ṁídian, clíaṁuin Ṁaóise, a nuile ní do rinne Día ar son Ṁaóise, agus ar son Israel a ṗobál féin, agus go rug an TIĠEARNA Israel amaċ as a Négipt;

2 Ann sin rug Ietro, clíaṁuin Ṁaóise, Sipporah, bean Ṁaóise leis tar éis a cur ar a hais;

3 Agus a días mac; dar ḃainm dáon díoḃ Gersom; óir a duḃairt sé, Do ḃí mé am ċoigcríoċ a ttír ċoimṫiġ.

4 Agus dob é ainm an ḟir eile Elieser: óir dob é Día máṫar mo ċúngantaċ, agus do ṡáor mé ó ċloiḋeaṁ Ṗárao:

5 Agus táiníc Iétro, cliaṁuin Ṁaóise, maílle ré na ṁacuiḃ agus lé na ṁnáoi go Maóise don ḟásaċ, mar a ndearna sé foslungṗurt a slíaḃ Dé:

6 Agus a duḃairt sé re Maóise, Mísi do ċlíaṁuin Iéṫro, ṫáiníc mé ċugad, agus do ḃean, agus á ḋías mac lé.

7 Agus do ċuáiḋ Maóise a maċ a ccoinne a ċleaṁna, agus do rinne uṁla agus tug póg ḋó; agus do ḟiafruiġ gaċ neaċ ḋioḃ dá ċéile cionnus do ḃádar: agus tangadur don lóistín.

8 Agus do innis Maóise da ċlíaṁuin a nuile ní do rinne an TIĠEARNA ré Ṗárao agus ris na Hégiptiḃ ar son Israel, agus a nuile aisdior dá ttainic orra ann sa tsliġe, agus cionnus do ṡáor an TIĠEARNA íad.

9 Agus do ġáirdiġ Ieṫro ar son na huile ṁaíṫeasa dá ndearna an TIĠEARNA do Israel, noċ do ṡáor sé as láṁuiḃ na Negipteaċ.

10 Agus a duḃairt Iétro, Gó maḋ beannuiġe an TIĠEARNA, noċ do ṡáor siḃ ó laṁuiḃ na Négipteaċ, agus as laṁ Ṗarao, noċ do ṡaor na daoine ó ḃe faói laṁ na Negiptaċ.

11 Annois aiṫniġim gur mó an TIĠEARNA ná a nuile ḋée: óir ann sa ní ann ar ḃeanadarsan go huáiḃreaċ do ḃí sé ós a ccionn.

12 Agus do ġlac Ieṫro, clíaṁuin Ṁaóise, ofráil loiscṫe, agus ioḋbarṫa do Ḋía: agus táinic Aaron, agus sinnsir Israel uile, diṫe aráin lé ċíaṁuin Ṁaóise a ḃfiaġnuisi Dé.

13 Agus tárla ar na ṁáraċ, gur ṡuiġ Maóise do ḃreiṫniuġaḋ an ṗobail: agus do ṡeasadar an pobal ag Maóise ó ṁaidin go tráṫnóna.

14 Agus a nuáir do ċonnairc clíaṁuin Ṁaóise a nuile ní do rinne sé ris an bpobal, a duḃairt sé, Cread an nisi do ní tú ris an bpobal? cread as a suiġeann tú féin ad áonar, agus an pobal uile na seasaṁ agad, ó ṁaidin go tráṫnóna?

15 Agus a duḃairt Maóise ré na ċlíaṁuin, Do ċionn go ttig an pobal ċugam do ċeasnuġaḋ um Ḋía:

16 A nuáir ḃías cúis aca, tigid ċugamsa; agus beirim breaṫ idir gaċ dá rann, agus do ḃeirim orra fios reaċda Dé, agus a ḋliġe do ḃaiṫ aca.

17 Agus a duḃairt clíaṁuin Ṁaóise ris, An read do ni tú ní maíṫ é.

18 Caiṫfe tú as go deiṁin, áraon ṫú féin, agus an pobalsa ad ḟoċair; óir is roṫrom an ní si ḋuit; ní héidír ḋuit a ċoṁlíonaḋ, ṫú féin ad áonar.

19 Eíst annois ream ġuṫsa, do ḃéura mé coṁairle ḋuit, agus biáiḋ Día maille riot: Bíḋsi ar son an ṗobuil leaṫ ré Día; ċor go mbéura tú a ccúis go Día:

20 Agus múinfe ṫu órduiġṫe, agus dliġṫe ḋóiḃ, agus taisbéanfa tú ḋóiḃ an tsliġe ann a ccaiṫfid síad siuḃal, agus a nobair ċaiṫfid síad do ḋéunaṁ.

21 Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:

22 Agus breaṫnuiġidis an pobal ann gaċ uile am: agus is aṁla ḃías, go dtiuḃruid ċugadsa a nuile cúis ṁór, aċ gaċ uile ċúis ḃeag breiṫneoċuid féin: mar sin ḃias socaṁlaċ ḋuitse, agus iomċoruidsion an túalaċ maille leaċd.

23 Má ní tú an ní si, agus go naiṫeonuiḋ Día sin díot, ann sin ḃus éidir leaċd a iomċar, agus an pobalsa mar an gcéudna raċuid da náit féin a síoṫċáin.

24 Mar sin do éist Maóise re guṫ a ċleaṁna, agus do rinne a nduḃairt sé uile.

25 Agus do ṫoġ Maóise dáoine iomċuḃuiḋ as Israel uile, agus do rinne sé naċdaráin díoḃ ós cionn an ṗobuil, uaċdaráin mileaḋ, naċdaráin ċéad, uaċdaráin ċaoġad, agus uaċdarain ḋeiṫneaṁuir.

26 Agus do nídís breiṫeaṁnus ar an bpobal gaċ uile uáir: na cúise cruaiḋe do ḃerdís go Maóise, aċd gaċ uile ċuis ḃeag do réiġedís fein.

27 Agus do léig Maóise dá ċliaṁuin imṫeaċd; agus do ċúaiḋ sé dá ḋuṫaiġ féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ