Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ester 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Na Hiúduiġe ar búalaḋ a naiṁde ḋoiḃ, 20 do ċongṁadar féusta Púrim.

1 Anois annsa dara mí déag, (do bí sin, mí Adar), ar an treas lá déag ḋi, a núair do ḃi aiṫne an ríġ agus a órduġaḋ a ngar ré a ccur a ccríċ, annsa ló ar ṡaóileadar naiṁde na Niúduiġeaḋ cuṁaċt dfaġáil ós a ccionn, (matá gar hiompóiġeaḋ é go contrarḋa, go raiḃ buáiḋ ag na Iúduiġiḃ ós cionn na muinntire noċ do ḟúaṫuiġ íad;)

2 Do ċruinniġeadar na Iúduiġe íad féin a ccionn a ċéile íona ccaiṫreaċaiḃ air feaḋ uile ṗroiḃinnseaoh an ríġ Ahasuérus, do ċur a láiṁe annsa druing do ṫairg an doċar do ḋéanaṁ: agus níor ḟéud áonduine seasaṁ ríu; óir do ġaḃ eagla gaċ uile ṗobal rompa.

3 Agus do ċuidiġeadar úaċtaráin, agus riaġlóruiġ, agus breiṫeáṁuin, agus oifigiḋ an ríġ, leis na Iúduiġiḃ; do ḃriġ gur luiḋ eagla Ṁordecai orra.

4 Oir bá mór Mordecai a ttiġ an ríġ, agus do ċuáiḋ a ċlú amaċ ar feaḋ na nuile ṗroiḃinnseaḋ: óir dfás an duinesi Mordecai ní sa ṁó agus ní sa ṁó.

5 Marso do ḃuáileadar na Iúduiġe a naiṁde uile le buille an ċloiḋiṁ, agus le hár, agus le scrios, agus do rinneadar mar buḋ toil léo ris an luċd do ḟúaṫuiġ íad.

6 Agus ann Súsan an pálás do ṁarḃadar na Iúduiġe agus do ṁuiġeadar cúig céud fear.

7 Agus Parsandata, agus Dalṗon, agus Aspata,

8 Agus Porata, agus Adaliah, agus Aridata,

9 Agus Parmasta, agus Arisai, agus Aridai, agus Ḃaiseata,

10 Deiċ ṁic Háman ṁic Hammedata, náṁuid na Niúduiġeaḋ, do ṁarḃadar íad; aċt air a néadáil níor leagadar a láṁ.

11 Tugaḋ an lásin a laṫair an ríġ uiḃir na méide do marḃaḋ ann Súsan an pálás.

12 ¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester an ḃainríoġan, Do ṁarḃ agus do scrios na Iúduiġe cúig ċéud fear ann Súsan an pálás, agus deiṫneaṁar mac Háman; cred do rinneadar annsa ċuid oile do proiḃinnsiḃ an ríġ? anois cred í haṫċuinge? agus do ḃéarṫar ḋuit í: nó cred é híarratus ní is mó? agus do ḋéantar é.

13 Annsin a duḃairt Ester, Más toil leis an ríġ, tugṫar cead do na Iúduiġiḃ atá ann Súsan sin do ḋéanaṁ a máraċ mar an ccéadna do réir órduiġṫe an láesi, agus croċtar deiṫneaṁar mac Háman annsa ċroiċ.

14 Agus daiṫin an ríġ a ḋéanaṁ marsin: agus tugaḋ a nfógra ann Súsan; agus do ċroċadar deiċ mic Háman.

15 Oír do ċruinniġeadar na Iúduiġe do ḃí ann Súsan íad féin a ccionn a ċéile ar an cceaṫraṁaḋ lá déag don ṁí Adar mar an gcéadna, agus do ṁarḃadar trí ċéad fear ann Súsan; aċt níor leagadar a laṁ air a néadáil.

16 Aċt na Iúduiġe uile do ḃí a bproiḃinnsiḃ an ríġ do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile, agus do ṡeasadar ar son a nanma, agus fúaradar ciúnas ó na naiṁdiḃ, agus do ṁarḃadar dá neasccáirdiḃ seaċtṁoġad agus cúig ṁíle, aċt níor leagadar á láṁa air an ccreiċ,

17 Ar an treas lá déag do ṁí Adar, agus ar an cceaṫráṁaḋ lá déag don ṁí ċéadna do ṡocruiġeadar, agus do rinneadar lá féusta agus soláis de.

18 Aċt na Iúduiġe do ḃí ann Susan do ċruinniġeadar a ḃfoċair a ċéile ar an treas lá déag don ṁí sin, agus ar an cceaṫraṁaḋ lá déug ḋi; agus air an ccúigeaḋ lá déug don ṁí ċéadna do ṡúaiṁniġeadar, agus do rinneadar ḋe lá féusta agus sóláis.

19 Uime sin do rinneadar Iúduiġe na mbailteaḋ mbeag do ċoṁnuiḋ a mbaíltiḃ gan ḃallaḋa, an ceaṫraṁaḋ lá déag do ṁí Adar na lá lúaṫġáire agus féusta, agus na lá ṁaiṫ, agus do ċur oirċiseaċt ċum a ċéile.

20 ¶ Agus do scríoḃ Mordecai na neíṫesi, agus do ċuir se litreaċa ċum na Niúduiġeaḋ óile do ḃí a nuile ṗroiḃinnsiḃ an ríġ Ahasuerus, a ḃfogus agus a ccéin,

21 Dá ḃúanuġaḋ so na measc, go ccongṁuidís an ceaṫraṁaḋ lá déug don ṁí Adar, agus an cúigeaḋ lá ḋi, gaċa blíaḋna,

22 Mar an láeṫe ar ṡuaiṁniġeadar na Iúduiġe ó na naiṁdiḃ, agus an ṁí do hiompóiġeaḋ ċuca ó ḋólás go sólás, agus ó ḋóbrón go la ṁaiṫ: go ndéindís ḋíoḃ láeṫe feasta agus gáirdeaċuis, agus oirċiseaċd do ċur ċum a ċéile, agus tioḋluicṫe ċum na mboċt.

23 Agus do ġaḃadar na Iúduiġe orra féin a ḋéanaṁ mar do ṫosuiġeadar, agus mar do scríoḃ Mordecai ċuca;

24 Do ḃríġ gur ṫríall Háman ṁac Hammedata, an Tagagiteaċ, náṁuid na Niuduiġeaḋ uile, a naġuiḋ na Níuduiġeaḋ ċum a scriosta, agus gur ṫeilg Pur, (eaḋon crannċar), dá ndíoṫuġaḋ, agus dá scrios;

25 Aċt a núair ṫáinic Ester a laṫair an ríġ, daiṫin se le litreaċaiḃ an droiċṫionnsgnaṁ, do ṫríall sé a naġaiḋ na Niúduiġeaḋ, dfilleaḋ ar a ċeann féin, agus é féin agus a ṁic do ċroċaḋ san ccroiċ.

26 Ar a naḋḃarsin do ġoireadar Púrim do na láeṫiḃsin, ón nainm Pur. Uimesin ar son ḃríaṫar na litreaċ, agus ar son gaċ neiṫe dá ḃfacadar a ttáoḃ a naḋḃairsi, agus noċ déiriġ ḋóiḃ.

27 Dórduiġeadar na Iúduiġe, agus do ġaḃadar orra féin, agus air a slioċt, agus ar gaċ uile ḋuine dá cceingeolaḋ ríu, iondus naċ ḃfailleoċṫai é, go ccoiṁéadfaidís an dá lá so do réir a scríḃinne, agus do réir a nuáire cinnte gaċa blíaḋna;

28 Agus go ccuíṁneocṫaoi na láeṫesi agus go cciṁéadfuiḋe íad ar feaḋ gaċ éainġemealuiġ, gaċ éaintreiḃe, gaċ ṗroiḃinnse, agus gaċ éanċaiṫreaċa; agus naċ ḃfailleoċṫaoi na láeṫeso Púrim ó ḃeiṫ a measc na Niúduiġeaḋ, nó a ccuiṁne do ḋul a mbáṫaḋ ó na síol.

29 Ann sín do scrioḃ Ester an ḃainríoġan, inġean Abihail, agus Mordecai an Iúduiġ, maille ris a nuile úġdarrás, ċum an dara litresi Ṗúrim do ḋaingniuġaḋ.

30 Agus do ċuir sé na litreaċa ċum na Níuduiġeaḋ uile, ċum na ccéud agus na seaċt bproiḃinnseaḋ fiṫċiod do rioġaċta Ahasuerus, maille re bríaṫruiḃ síoṫċána agus fírinne,

31 Do ḋaingniuġaḋ na laéṫeaḋso an Ṗúrim iona naimsearuiḃ cinnte, do réir mar do aiṫin Mordecai an Iúduiġ agus Ester an ḃainrioġan díoḃ, agus mar do órduiġeadar air a son féin agus air son a síl, aḋḃar a ttroisge agus a ngearáin.

32 Agus do ḋaingniḋ órduġaḋ Ester na cúisesi an Ṗúrim; agus do scríoḃaḋ annsa leaḃar é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ