Ester 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Toraḋ edírġuiḋe Ester a leiṫ a daoine: 7 agus bás Háman. 1 Mar sin ṫáinic an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe le Hester an ḃainríoġan. 2 Agus a duḃairt an ríġ a rís re Hester air an dara lá ag fleíḋ a nfíona, Cred é híarratus, a ḃainríoġan Ester? agus do ḃéarṫar duit é: agus cred é haṫċuinġe? agus coiṁlíonfuiġeor í, da maḋ go leaṫ na ríoġaċta. 3 Ann sin do ḟreagair Ester an ḃainríoġan, agus a duḃairt, Má fuáir mé cinnealtas dot laṫair, O a ríġ, agus más toil ris an ríġ, tugṫar manam ḋaṁ ar míarratas, agus mo ḋaóine ar maṫċuinge: 4 Oír do reacaḋ sinn, misi agus mo ḋaóine, dar scrios, dar marḃaḋ, agus dar ndíoṫlaiṫriuġaḋ. Aċt dá reacṫaói sinn mar ḋaóirsineaċuiḃ firr agus daoirsineaċiḃ mna, ní laiḃeoruinn, mátá nár ḃféidir leis an náṁuid, dul a muġa án ríġ daisiog. 5 ¶ Annsin do ḟreagair an ríġ Ahasuerus agus a duḃairt re Hester an ḃainríoġan, Cía hé féin, nó cáit a ḃfuil an té, dá léigfeaḋ a neagla dfaġail iona ċroiḋe féin sin do ḋéanaṁ? 6 Agus a duḃairt Ester, Isé a neascara agus an náṁuid an droċḋuinesi Háman. Annsin do ġaḃ eagla Háman a ḃfíaḋnuisi an ríġ, agus na bainríoġna. 7 ¶ Agus ar néirġe don ríġ ó ḟleiḋ a nfíona iona ḟeirg do ċuáiḋ sé go gáirdín an ṗáláis: agus do ṡeas Háman súas do ġuiḋe na bainríoġna Ester fá na anam; óir do ċonnairc sé go raiḃ olc dá ṫríall na aġaiḋ ón ríġ. 8 Annsin dfill an ríġ as gáirdín an ṗáláis go hionad fleiḋe a nfíona; agus do ṫúit Háman ar an leabuiḋ air a raiḃ Ester. Annsin a duḃairt an ríġ, A néigneoċuiḋ sé an ḃainríoġan mar an ccéadna as mo ċoinne annsa tiġ? Ar ndul a nfocail as béul an ríġ, dfolċadar aġuiḋ Háman. 9 Agus a duḃairt Harbona, áon do na seomradóiriġiḃ a ḃfiaġnuisi an ríġ, Féuċ fós, an ċroċ do ċáogad cuḃad ar áirde, noċ do rinne Háman do Ṁordecai, noċ do laḃair go maiṫ ar son an ríġ, atá sí na seasaṁ a ttiġ Háman. Annsin a duḃairt an ríġ, Croċuiḋ é féin uirre. 10 Marsin do ċroċadar Háman ar an ccroiċ do rinne sé do Ṁordecai. Annsin do sguir fearg an ríġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society