Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ester 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Tús anraṫ Haman, 10 noċ dar horduiġeaḋ, Mordecai a naṁuid do onoruġaḋ.

1 Anoiḋċesin níor ḟéud an ríġ coḋlaḋ, agus daiṫin sé leaḃar cuiṁne na ccroiniceaḋ do ṫaḃairt ċuige; agus do léuġeaḋ íad a laṫair an ríġ.

2 Agus do fríṫ scríoḃṫa ann, gur bé Mordecai dinnis ar Ḃigtana agus ar Ṫeres, días do ṡeomradóiriġiḃ an ríġ, coiṁéuduiġṫe an doruis, noċ do ḃi ar tí láṁ do ċur annsa ríġ Ahasuerus.

3 Agus a duḃairt an ríġ, Cred a nonóir nó an meas tugaḋ ar Ṁordecai ar a ṡonso? Annsin a duḃradar serḃísiġ an ríġ do ṁiniostráil dó, Ní ḋéarnaḋ éainní ar a ṡon.

4 ¶ Agus a duḃairt an ríġ, Cía atá annsa ċúirt? (A nois ṫáinic Háman annsa ċúirt amuiġ do ṫiġ an ríġ, do laḃairt ris an ríġ do ċroċaḋ Ṁordecai air an ccroiċ do ġléus sé na ċoinne.)

5 Agus a duḃradar serḃísiġ an ríġ ris, Féuċ, atá Háman na ṡeasaṁ annsa ċúirt. Agus a duḃairt an ríġ, Tigeaḋ sé a steaċ.

6 Annsin ṫáinic Háman a steaċ, agus a duḃairt an ríġ ris, Cred do ḋéantar don duine a mbia dúil ag an ríġ onóir do ṫaḃairt dó? (Anois do smuáin Háman iona ċroiḋe, Cía agá mbíaṫ dúil ag an ríġ a onoruġaḋ ní sa ṁó ná misi?)

7 Agus do ḟreagair Háman an ríġ, Ar son an té agá mbía dúil ag an ríġ donóruġaḋ,

8 Tugṫar a núas an ċuluiḋ ríoġa noċ ġnáṫuiġios an ríġ diomċar, agus an teaċ ar a ngnáṫuiġeann an ríġ marcuiġeaċd, agus an ċoróin ríoġa noċ ċuirṫear ar a ċeann:

9 Agus tugṫar an ċulaiḋsi agus an teaċ a láiṁ aóin do na prionnsaḋuiḃ is mó onóir do ṗrionnsaḋuiḃ an ríġ, iondus go ccuirfeaḋ íad uime a nduine a mbía dúil ag an ríġ a onóruġaḋ: agus tugṫar ar marcuiġeaċt é ar feaḋ ṡráide na caiṫreaċ, agus fuagarṫar roiṁe, Is mar so do ḋéantar ris an té ḋá mbia dúil ag an ríġ a onóruġaḋ.

10 Annsin a duḃairt an ríġ re Haman, Déana deiṫfir, agus glac an ċulaiḋ agus an teaċ, mar a duḃairt tú, agus déana mar sin do Ṁordecai an Iúduiġ, noċ ṡuiġios ag geata an ríġ; ná failliġṫear ré héinní dá nduḃairt tú.

11 Ann sin do ġlac Háman an téadaċ agus an teaċ, agus déaduiġ sé Mordecai, agus ṫug leis ar marcuiġeaċt ṫríd sráid na caiṫreaċ é, agus dfúagair roiṁe, Is mar so do ḋéantar ris an nduine is mían leis an ríġ donóruġaḋ.

12 ¶ Agus ṫáinic Mordecai a rís go geata an ríġ. Aċt do rinne Háman deiṫnios da ṫiġ ag déanaṁ doḃróin, agus folaċ air a ċeann.

13 Agus dinnis Háman dá ṁnaói Seres agus dá ċáirdiḃ uile gaċ ní dár éiriġ ḋó. Annsin a duḃradar a ḋaoine glioca agus Seres a ḃean ris, Más do ṡíol na Niúduiġeaḋ Mordecai, re ar ṫosuiġ tú tuitim, ní ḃéara tú buáiḋ na aġaiḋ, aċd is dearḃ go ttuitfiḋ tú roiṁe.

14 Agus an feaḋ do ḃádar mar sin ag coṁráḋ ris, ṫangadar seomradóiriġ an ríġ, agus do rinneadar deiṫfir re Háman do ṫaḃairt ċum na fleiḋe do ġléus Ester.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ