Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ester 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Aṫċoinniġ Ester ris an rí.

1 Anois tárla ar an treas lá, gur ċuir Ester a culaiḋ ḃainríoġna uirre, agus do ṡeas annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ a ttiġ an ríġ, ṫall as coinne ṫiġe an ríġ: agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir ríoġa annsa tiġ ríoġaṁuil, ṫall as coinne ġeata an tiġe.

2 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċonnairc an ríġ Ester an ḃainríoġan na seasaṁ annsa ċúirt, go ḃfuair sí faḃar iona raḋarc, agus gur ṡín an ríġ ċum Ester an ríoġṡalt órḋa do ḃí iona láiṁ. Mar sin ṫáinic Ester a ngar ḋó, agus do ḃean sí re bárr na sláite.

3 Annsin a duḃairt an ríġ ría, Cred is áil leaċd, a ḃaínríoġan Ester? agus cred é híarratus? do ḃéarṫar ḋuit é go leaṫ na rioġaċta.

4 Agus do ḟreagair Ester, Má ċítear go maiṫ don ríġ é, tigeaḋ an ríġ agus Háman a niuġ ċum na fleiḋe do ġléas misi ḋó.

5 Ann sin a duḃairt an ríġ, Taḃruiḋ air Háman deiṫnios do ḋéanaṁ, go ndéarna sé mar a deir Ester. Marsin ṫáinic an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe do ġléas Ester.

6 ¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester ag fleiḋ an nfíona, Cred í haṫċuinge? agus do ġeaḃa tú í: agus cred é híarratus? eaḋon go nuige leaṫ na rioġaċta coiṁlíonfuiġṫear é.

7 Annsin do ḟreagair Ester, agus a duḃairt, Sí maṫċuinġe agus míarratus;

8 Má fuáir mé grás a raḋarc an ríġ, agus mas toil leis an ríġ míarratus do ḋeónuiġaḋ, agus maṫċuinge do ċoiṁlíonaḋ, tigeaḋ an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe ġleusfus mé ḋóiḃ, agus do ḋéana mé a máraċ mar a duḃairt an ríġ.

9 ¶ Ann sin do ċuáiḋ Háman amaċ an lásin gáirdeaċ agus maille re croiḋe sólásaċ: aċt a núair do ċonnairc Háman Mordecai a ngeata an ríġ, naċ ar ṡeas sé súas, agus nár ċorruiġ sé ar a ṡonsan, do ḃí sé lán dfeirg a naġaiḋ Ṁordecai.

10 Ṫairis sin do ċuir Háman srian ris féin: agus a nuáir ṫáinic sé ḋá ṫiġ, do ċuir teaċda úaḋ agus do ġoir air a ċáirdiḃ, agus ar a ṁnáoi Seres.

11 Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.

12 A duḃairt Háman fós, Níor léig Ester an ḃainríoġan éanduine a steaċ leis an ríġ ċum na fleiḋe dullṁuiġ sí aċt mé féin; agus atá cuireaḋ agam a máraċ uáiṫe mar an ccéadna leis an ríġ.

13 Giḋeaḋ ni ḋéan so ré ċeile maiṫ ḋaṁ, an fad ċífeas mé Mordecai an Iúduiġ na ṡuiġe ag geata an ríġ.

14 ¶ Annsin a duḃairt Seres a ḃean agus a ċáirde uile ris, déantar croċ ċáogad cuḃad ar áirde, agus laḃairsi ris an ríġ a maraċ go ccroċfuiḋe Mordecai uirre: an sin éiriġ a steaċ go súgaċ ris an ríġ ċum na fleiḋe. Agus do ṫaitin an ní le Háman; agus ṫug sé fa deara croċ do ḋéanaṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ