Esra 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Ṫainic Esra go Hierusalem, 11 le teaċdaireaċd Artacsercses. 1 Anois tar eis na neiṫionnso, a ríġe Artacsercses ríġ na Persia, Esra ṁac Seraiah, ṁic Asariah, ṁic Hilciah, 2 Ṁic Sallum, ṁic Sádoc, ṁic Ahitub, 3 Ṁic Amariah, ṁic Asariah, ṁic Meraiot, 4 Ṁic Seraiah, ṁic Ussi, ṁic Bucci, 5 Ṁic Abisua, ṁic Ṗinehas, ṁic Eleasar, ṁic Aáron an tárdṡagart: 6 Do ċuáiḋ an Tesra so súas ón Ḃabilóin; agus do ḃí sé na scríḃneóir abuiḋ a ndliġeaḋ Maóise, noċ ṫug an TIĠEARNA Dia Israel úaḋa: agus daontuiġ an ríġ a íarratas uile ḋó, do réir láiṁe a ṪIĠEARNA Dé air. 7 Agus do ċúaiḋ súas cuid do ċloinn Israel, agus do na sagartuiḃ, agus do na Leḃitiḃ, agus do na cantáireaḋuiḃ, agus do na doirseóiriġiḃ, agus do na Netinimiġ, go Hierusalem, ar an seaċdṁaḋ blíaḋain do Artacsercses an ríġ. 8 Agus ṫáinic sé go Hierusalem ar an ccúigeaḋ mí, noċ do ḃí annsa seaċtmaḋ bliaḋain don ríġ. 9 Oír ar an ccéad lá don ċéid mí do ṫionnscuin sé dul ón Ḃabilóin súas, agus ar an ccéad lá don ċúigeaḋ mí ṫáinic sé go Hierusalem, do réir mar do ḃi láiṁ ṁaiṫ Dé air. 10 Oír dullṁuiġ Esra a ċroiḋe díarruiḋ dliġe an TIĠEARNA, agus dá ḋéanaṁ, agus do ṫeagasc reaċda agus ḃreiṫeaṁnus ann Israel. 11 ¶ Anois isí so cóib na litreaċ noċ ṫug Artacsercses an ríġ do Esra an sagart, an scriḃneóir, eaḋon scriḃneóir, ḃríaṫar aiṫeantaḋ an TIĠEARNA, agus reaċda Israel. 12 Artacsercses, ríġ na ríoġ, ċum Esra an sagart, scriḃneóir ḋliġe Dé neiṁe, síoṫċain iomlán, agus annsa namsin. 13 Do ním orduġaḋ, an ṁéid do ṗobal Israel, agus dá sagartuiḃ agus dá Leḃítiḃ, ann mo rioġaċtsa, ar a ḃfuil fonn da ttoil aonta fém dul súas go Hierusalem, go raċuid súas leatsa. 14 An ṁéid gur cuireaḋ ón ríġ ṫú, agus ó na ṡeaċt ccoṁairleaċaiḃ, do ċeastnuġaḋ a ttáoḃ Iúdah agus Ierusalem, do réir ḋliġe do Ḋé noċ atá ad láiṁsi; 15 Agus an tairgiod agus an tór do ḃreiṫ leaċd, dofráil an ríġ agus a ċoṁairliġ ó ṫoil aontaḋuiġ do Ḋía Israel, noċ a ḃfuil a ċoṁnuiḋe ann Ierusalem, 16 Agus a nuile airgiod agus ór is féidir leaċd dfaġáil a bproḃins na Babilóine, re ofráil áontaḋuiḋ an ṗobail, agus na sagart, ag ofráil go toileaṁuil ċum tiġe a Ndé noċ atá ann Ierusalem: 17 Ċor go cceinneoċṫá go lúaṫ leis a nairgiodsa bulóga, reiṫeaḋa, uáin, maille re na nofrála bíḋ agus a nofrála diġe, agus íoḋbuir íad ar altóir do ṪIĠEARNA Dé noċ atá ann Ierusalem. 18 Agus giḋ bé ar biṫ ní as féarr do ċífiḋṫear ḋuit féin, agus dot ḋearḃraiṫriḃ, déanuiḋ ris an ccuid oile do nairgiod agus do nór, déanuiḋ sin do réir ṫoile ḃur Ndé. 19 Na soiṫiġe fós tugaḋ ḋuit ċum serḃíse ṫiġe do Ḋé, seaċuid íad a laṫair Dé Ierusalem. 20 Agus giḋ bé ní oile ḃías deasḃuiḋ ar ṫiġ do Ḋé, da mbía cúis agad a ċairheaṁ, caiṫ é as tiġ ionṁuis an ríġ. 21 Agus misi, misi féin Artacsercses an ríġ, do ním órduġaḋ ar a nuile óirċisteóir táoḃ ṫall daḃuinn, giḋ bé ar biṫ íarrfus Esra an sagart, scriḃneóir ḋliġe Dé neiṁe oruiḃ, deantar é go lúaṫ, 22 Go céad tallann airgíd, agus go céad miosúr cruiṫneaċda, agus céad soiṫeaċ fiona, agus céud soiṫeaċ ola, agus salann gan cur síos ca ṁéid. 23 Giḋ bé ní do haiṫniġeaḋ lé Día neiṁe, déantar go dúṫraċtaċ é do ṫiġ Dé neiṁe: óir cred as a mbíaṫ fearg a naġaiḋ rioġaċta an riġ nó a ṁac? 24 Mar an ccéadna deiṁniġeamíd daóiḃse, a ttáoḃ éanduine do na sagartuiḃ agus do na Leḃitiḃ, do na cantairiġiḃ, do na doirseóiriġiḃ, do na Netinimiġ, nó seirḃísiġ ṫiġe Dé, naċ Luḋ dliġṫeaċ cáin, duiḃċíos, nó custum, do ċur orra. 25 Agus ṫúsa, Esra, do réir ġliocuis do Ḋé, noċ atá ad láiṁsi, cuir úaċdaráin agus breiṫeaṁuin, noċ ḋéanas breiṫeaṁnus do nuile ṗobal atá taoḃ ṫall do naḃuinn, an ṁéid agá ḃfuil fios dliġe do Ḋése; agus múinsi an ṁéid dá naċ fios é. 26 Agus giḋ bé naċ déana do réir ḋliġe do Ḋése, agus dliġe an riġ, déantar breiṫeaṁnus ar báll air, mas bás é, nó díbirt, nó caill a ṁaóine, nó príosúntaċd. 27 ¶ Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Dia ar naiṫreaḋ, do ċuir a leiṫéid so a ccroiḋe an riġ, do scíaṁaḋ ṫiġe an TIĠEARNA noċ atá ann Ierusalem: 28 Agus do ṫoirḃir trócaire ḋaṁsa a ḃfiaḋnuisi an ríġ, agus a ċoṁairleaċ, agus a laṫair uile ṗrionnsaḋ cuṁaċdaċ an ríġ. Agus do neartuiġeaḋ misi mar do ḃí láṁ mo ṪIĠEARNA Día orum, agus do ċruinniġ mé as Israel daóine toġṫa do ḋul súas liom. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society