Eseċiel 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Do coigleaḋ na fíréin a lár an ṁillteaċuis. 1 Deiġ sé fós ann mo ċluasaiḃ lé guṫ árd, ag ráḋ, Taḃair air uáċdaránuiḃ na caiṫreaċ teaċt a ngar, gaċ uile ḋuine gon a arm leadarṫa iona láiṁ. 2 Agus, féuċ, ṫangadar seisior fear ó ṡliġe an ġeata is áirde, noċ atá leaṫ ris an ttuáisceart, agus arm léirsgris ag gaċ áon iona láiṁ; agus do ḃí áonduine iona measg ar na éaduiġaḋ a líneaḋaċ, maille re haḋairc ḋuiḃ scriḃnéora air a ṫáoḃ: agus do ċúadar a steaċ, agus do ṡeasadar ré taóiḃ na haltóra práis. 3 Agus do ċuáiḋ glóir Dé Israel súas ón ċérub, air a raiḃ sé, go tairseaċ an tiġe. Agus do ġoir sé air an tí ḃi a néadaċ lín, agá raiḃ aḋarc ḋuiḃ scriḃneora air a ṫáoḃ; 4 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ tré lár na caiṫreaċ, tré lár Ierusalem, agus cuir coṁarṫa; air éadanuiḃ na ndaóine uċḃaḋas agus éiġios ar son na nuile ġráineaṁlaċta dá ndéantar iona lár. 5 ¶ Agus a duḃairt sé léosan ann mésteaċtsa, Imṫiġiḋsi na ḋiáiġ ṫríd an ccaṫruiġ, agus buáiliḋ: ná coiglidís ḃur súile, agus ná bíoḋ truáiġe oruiḃ: 6 Marḃuiḋ ṫríd amaċ sean agus óg, ídir ċailíniġ, agus leanba óga, agus ṁnáiḃ: aċt ná tigiḋ a ḃfogus dáonduine ar a mbía an coṁarṫa; agus tosuiġiḋ ag mo ṡanctóirse. Annsin do ṫosuiġeadar ris na daóiniḃ seana noċ do ḃí as coinne an tiġe. 7 Agus a duḃairt sé ríu, Saluiġiḋ an tiġ, agus líonuiḋ na cúirte leis na marḃuiḃ: éirġiḋsi amaċ. Agus do ċúadar amaċ, agus do ṁarḃadar annsa ċaṫruiġ. 8 ¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃádar dá marḃaḋ agus do fágḃaḋ misi, gur ṫuit mé ar maġaiḋ, agus gur éiġ mé, agus go nduḃairt mé, Ah, a Ṫiġearna DIA! an muirfiḋ tú ar fágḃaḋ Disrael a ndórtaḋ amaċ do ḋíḃḟeirge ar Ierusalem? 9 Annsin a duḃairt sé riom, Is anṁór éigceirt ṫiġe Israel agus Iúdah, atá an talaṁ lán dfuil, agus an ċaṫair lán durċóid: óir a deirid síad, Do ṫréig an TIĠEARNA an talaṁ, agus ní ḟaicionn an TIĠEARNA. 10 Agus air mo ṡonsa fós, ní ċoigéola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agam, aċt cúiteoċa mé a sliġe air a cceannuiḃ. 11 Agus, téuċ, an fear do ḃí a línéadaċ, agá raiḃ a naḋarc ḋuiḃ air a ṫáoḃ, dinnis sé an ċúis, ag ráḋ, Do rinne mé aṁuil do aiṫin tú ḋíom. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society