Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Eseċiel 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Fa ḟioġair ḟoslongṗort anaḋaiḋ Ierusalem, taisbeantar an aimsir, ó ċlúonaḋ Ierobaam, gu nuige ḃraiġdionas Ḃabilóin.

1 Ṫusa mar an ccéadna, a ṁic an dúine, ġlac ċugad leac, agus leag roṁad í, agus tarruing uirre an ċaṫair, Ierusalem:

2 Agus cuir foslongṗort na haġaiḋ, agus cuir balla súas na haġaiḋ, agus cúir mota na aġaiḋ; suiġiḋ fós an campa as a coinne, agus cuir reiṫeaḋa ġa búalaḋ timċioll fa ccuáirt.

3 Tuilleaṁ oile gaḃ ċugad oiġeann íaruinn, agus suiġiḋ é mar ḃalla íaruinn eadrad agus an ċaṫair: agus cuir haġaiḋ leaṫ ris, agus ionnsuiġeoċṫar é, agus cuirfiḋ tú armáil na haġaiḋ. Biáiḋ so mar ċoṁarṫa do ṫiġ Israel.

4 Luiḋsi fós air do ṫáoḃ ċlé, agus leág éigceart tiġe Israel air: do réir uiḃre na láeṫeaḋ luiḋfios tú air iomċoruiḋ tú a neigceart.

5 Oír do leag misi ortsa blíaḋna a néigceairt, do réir uiḃre na láeṫeaḋ, trí ċead agus nóċad lá: marsin iomċorus tú éigceart tiġe Israel.

6 Agus an tan ċoiṁlíonfus tú íad, luiḋ a rís air do ṫaoḃ deas, agus iomċóra tú éigceart tiġe Iúdah ceaṫraċad lá: dórduiġ misi ḋuit gaċ áon lá ar son blíaḋna.

7 Uimesin cuirfiḋ tu haġaiḋ leaṫ ré campa Ierusalem, agus biáiḋ do láṁ noċtuiġ, agus tairrġirfiḋ tú na haġaiḋ.

8 Agus, féuċ, cuirfe misi cuiḃreaċ ort, agus ní iompoċa tú ṫú feín ón ttaóiḃ go ċéile, nó go ccríoċnuiġiḋ tú láeṫe do ċampa.

9 ¶ Glac ċugad fós cruiṫneaċt, agus éorna, agus pónar, agus lentiliḋ, agus millet, agus pisḟináin, agus cuir a náontsoiṫeaċ íad, agus déan arán ḋuit díoḃ, do réir uiḃre na láeṫeaḋ luiġfios tú air do ṫáoḃ, trí ċéad agus nóċad lá íosas tú ḋíoḃsin.

10 Agus buḋ coṁṫrom ḟiṫċid secel, do ḃíaḋ íosas tú san ló: ó am go ham íosas tú é.

11 Ioḃa tú mar an ccéadna uisge le miosúr, an seiseaḋ cuid do hin: ó am go ham ioḃas tú é.

12 Agus íosaiḋ tú é aṁuil bairġeana éorna, agus bruiṫfiḋ tú é leis a naóileaċ ṫig amaċ as duine, ann a raḋarc.

13 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is marso fós íosfuid clánn Israel a narán salaċ a measc na Ngeinteaḋ, mar a ndíbeora misi íad.

14 Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġgearna DIA! féuċ, níor truáilleaḋ manam: óir ó maóis óig súas gus a nois níor iṫ mé do ní éugus úaḋa féin, nó réabṫa na ḃloḋuiḃ; ní mó ṫáinic feóil aḋḟuáṫṁar am ḃéul.

15 Annsin a duḃairt seision riom, Féuċ, ṫug mé ḋuit otraċ bó ar son otraiċ duine, agus uillṁeoċa tú harán leis.

16 ¶ Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, féuċ, brisfiḋ mé maide a naráin ann Ierusalem: agus íosuiḋ síad arán lé toṁas, agus lé cúram; agus ioḃuid uisge lé miosur, agus lé huaṫḃás.

17 Ċór go raiḃ uireasḃuiġ aráin agus uisge orra, agus go mbéid úaṫḃásaċ ann a ċéile, agus go ccnaóiġid ar son a néigceirt.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ