Eseċiel 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. An ġairm, agus an ġarg‐ṫeaċtaireaċt do fuair Eseciel. 1 Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, seas ar do ċosuiḃ, agus laiḃeora misi riot. 2 Agus do ċuáiḋ an spiorad a steaċ ionnam an tan do laḃair sé riom, agus do ċuir sé air mo ċosaiḃ mé, iondus go ccúala mé an té do laḃair riom. 3 Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, cuirim ṫú go cloinn Israel, go cineaḋ easuṁal do ċuáiḋ a neasáonta am aġaiḋsi: do ċiontuiġeadar féin agus a naiṫre am aġaiḋ, gus an ló a niuġ. 4 Oír is clann ṁíonáireaċ íad agus crúaḋċroiḋeaċ. Cuirim ṫusa ċuca; agus a déara tú ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA. 5 Agus má éistid síad, nó má ċoisgid, (óir is tíġ easuṁal íad,) ṫairis sin biáiḋ a ḟios aca go raiḃ fáiḋ iona measg. 6 ¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal. 7 Agus laiḃeora tú mo ḃríaṫrasa ríu, má éistid, nó má sguirid: óir atáid ró easuṁal. 8 Aċt ṫusa, a ṁic an duine, cluin cred a déara misi riot; Na bíḋ easuṁal cosṁuil ris an ttiġ easuṁal sin: foscuil do ḃéul, agus iṫ an ní ḃéaras misi ḋuit. 9 ¶ Agus a núair daṁairc mé, féuċ, do cuireaḋ láṁ ċugam; agus, féuċ, do ḃí rola leaḃair inte; 10 Agus do leaṫnuiġ sé ós mo ċoinne é: agus do ḃí sé scríoḃṫa a stiġ agus amuiġ: agus do ḃí scríoḃṫa ana caoineaḋ, osnaḋa, agus mairgneaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society