Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ecclesiastes 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. An dioṁaóineas agus an mioṫaitneaṁ atá a móran deólus agus doibriġṫiḃ ḋaóine.

1 Briaṫra an tseanmontuiġ, mac Ḋáiḃi, ríġ Ierusalem.

2 Díoṁaóineas na ndíoṁaóineas, ar an seanmontuiġ, díoṁaóineas na ndíoṁaóineas; is dioṁaóineas a nuile ní.

3 Cred an tarḃa atá ag duine iona uile ṡaoṫar do ní sé fan ngréin?

4 ¶ Imṫiġiḋ ginealaċ, agus ṫig ginealaċ oile: aċt fanuiḋ an talaṁ go siorruiḋe.

5 Eírġiḋ an ġrían fós, agus ṫéid an ġrían faói, agus deiṫfriġiḋ sé gus a náit as ar éiriġ sé.

6 Ṫéid an ġaóṫ leaṫ ris an ttáoḃ ó ḋeas, agus fillíḋ sí fa gcuáirt ċum an tuáisceirt; iománuiġsí timċioll fa gcuáirt do ġnáṫ, agus iompoiġiḋ an ġáoṫ aris do réir a cúarta.

7 Rioṫuid na huile ṡroṫa ċum na fairge; giḋeaḋ ní ḃí a nfairge lán; as a náit a ttangadar na sroṫa, ċuigesin fillid a rís.

8 Atáid na huile neiṫe lán do ṡáoṫar, ní ḟéadann duine a innisin: ní sástar an tsúil se faicsin, nó an ċlúas le cluinsion.

9 ¶ An ní do ḃí, sé sin an ní ḃías; agus an ní do rinneaḋ sé sin an ní do ḋeantar: agus ní ḃfuil ní núaḋ ar biṫ fán ngréin.

10 An ḃfuil ní ar biṫ re ar féidir a ráḋ, Féuċ, atá so núaḋ? do ḃí sé ann ċeana ón tseanaimsir, do ḃí roṁuinn.

11 Ní ḃí cuiṁne ar biṫ ar na seinneiṫiḃ; ní mó ḃías cuiṁne ar na neiṫiḃ atá ag teaċt ag an dream ṫiucfas na ndiaiġ.

12 ¶ Misi an seanmontuiġ do ḃí mé am ríġ air Israel ann Ierusalem.

13 Agus ṫug mé mo ċroiḋe do spíonaḋ agus díarruiḋ eagna a ttáoḃ gaċ aoinneiṫe da ndéantar fáoi neaṁ: ṫug Día an saoṫar doilġe so do ṁacaiḃ an duine dá mbuáiḋreaḋ leis.

14 Do ċonnairc mé na huile oibreaċa dá ndéarnaḋ fán ngréin; agus, féuċ, is díoṁaóin uile íad agus buáiḋreaḋ spioraide.

15 An ní atá cam ní héidir a ḋéanaṁ díreaċ: agus an ní atá duireasḃuiġ ni héidir a áireaṁ.

16 Do ċoṁráiḋ mé rem ċróiḋe féin, ġa ráḋ, Féuċ, ṫáinic mé ċum táḃaċta móire, agus is mó fuáir mé deagna ná a ttáinic roṁam uile an Ierusalem: do ċonnairc mo ċroiḋe fós, mórán gliocuis agus eagna.

17 Agus ṫug mé mo ċroiḋe dfaġáil éolus na heagna, agus daiṫne buile agus leiṁe: do ṫuig mé gur ḃuáiḋreaḋ spioraide so mar an gcéadna.

18 Oír bí iomarcaiġ doilġis a niomarcuiġ na heagna: agus an té ṁéuduiġios éolus méaduiġ sé dóḃrón.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ