Daniel 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Ċuir tnúṫ na núaċdaráin, Daniel a nuáiṁ na leonihan, as ar ṡáor Día é. 1 Do buḋ toil lé Darius céad agus fiṫċe prionnsa do ċur ós cionn na rioġaċda, noċ do ḃíaḋ ós cionn na rioġaċda uile. 2 Agus ós a ccionn so trí húaċdaráin; (ar ḃé Dániel an ċéaidḟear ḋíoḃ:) lé ttiuḃraidís na prionnsaḋa a ccuntas dóiḃ, agus naċ bíaḋ damaiste air an ríġ. 3 Anois do toġaḋ an Dánielse ós cionn na nuáċdarán agus na bprionnsaḋ, do ḃríġ go raiḃ spiorad oirḋeirc ann; agus do ḃreaṫnuiġ an ríġ a ċur ós cionn na rioġaċda uile. 4 ¶ Annsin do smúaineadar na húaċdaráin, agus na prionnsaḋa cúis dfaġáil a naġaiḋ Ḋániel a ttaoḃ na rioġaċda; aċd níor ḟéadadar cúis ar bioṫ nó loċd dfáġail ann; do ḃríġ go raiḃ sé fírinneaċ, ní mó fríṫ earráid ná loċd ann. 5 Annsin a duḃradar an ṁuinntirse, Ní ḃfuiġeam cuis ar biṫ a naġaiḋ an Danielsi, muna ḃfaġam í na aġaiḋ a ttáoḃ ḋliġe a Ḋé. 6 Annsin do ċruinniġeadar na húaċdaráinsi agus na prionnsaḋa a ccionn a ċéile a laṫair an ríġ, agus a duḃradar marso ris, A ríġ Dárius, mair go bráṫ. 7 Do ċoṁairliġiodar uile úaċdaráin na rioġaċda, na riaġlóiriġ, na prionnsaḋa, na coṁairliġ, agus na caiptíniġ lé ċéile, statúid ríoġaṁuil do ḋaingniuġaḋ, agus órduġaḋ daingion do ḋéanaṁ, giḋ bé íarrfas aṫċuinge ar bioṫ air Ḋía air biṫ nó air ḋuine air feaḋ tríoċad lá, aċt ortsa, a ríġ, a ṫeilgion a núaiṁ na leoṁan. 8 Anois, a ríġ, daingniḋ an tórduġaḋ, agus séuluiḋ an scríḃinn, iondus naċ áṫruiġṫior é, do réir ḋliġe na Médianaċ agus na Bpersianaċ, naċ áṫruiġionn. 9 Uimesin do ṡéuluiḋ an ríġ Dárius an scriḃinn agus an dliġeaḋ. 10 ¶ Anois an tan do ṫuig Dániel gur séulaḋ an scríḃinn, do ċuáiḋ sé ḋá ṫiġ; agus armbeiṫ da ḟuinneóig oscuilte iona ṡeomra leaṫ ré Ierusalem, do léig sé síos air a ġlúiniḃ é trí huáire san ló, agus do ġuiḋ sé, agus rug buiḋeaċus a ḃfíaġnuise a Ḋé, mar do níoḋ sé san naimsir roiṁe. 11 Annsin do ċruinniġeadar na daóinesi, agus fúaradar Dániel ag urnaiġṫe agus ag déanaṁ gearáin a laṫair a Ḋé. 12 Annsin ṫangadar a ḃfogus, agus do laḃradar a ḃfíaġnuisi an ríġ, attáoḃ ḟúagarṫa an ríġ; Naċ ar ṡéalluiḋ tusa dliġeaḋ, gaċ uile ḋuine dá níarraḋ aṫċuinge ar Ḋía ar biṫ nó air ḋuine táoḃ a stiġ do ṫríoċad lá, aċt ortsa, a ríġ, go tteilgfiḋe a nuáiṁ na leoṁan é? Do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt se, Is fíor an ní do réir ḋliġe na Médianaċ, agus na Bpersianaċ, naċ áṫruiġionn. 13 Annsin do ḟreagradarsan agus a duḃradar a laṫair an ríġ, Ní ḃfuil suim ag Dániel, noċ atá do ḋaóirsine ċloinne Iúdah, ionnadsa, a ríġ, nó annsa dliġeaḋ do ṡéaluiḋ tú, aċt do ní sé íarratas trí huaire san ló. 14 An sin, an tan do ċuáluiḋ an ríġ na bríaṫraso, do ḃí sé ro ḟeargaċ ris féin, agus do ṡuiġiḋ sé a ċroiḋe ar Ḋániel dá ṡáoraḋ: agus doibriġ se go dul gréine faói dá ṡáoraḋ. 15 Ansin do ċruinniġeadar an ṁuinntirse ċum an ríġ, agus a duḃradar ris an ríġ, Bíoḋ a ḟios agad, a ríġ, gur bé dliġeaḋ na Médianaċ agus na Bpersianaċ, Gan dliġeaḋ ar bioṫ nó reaċd dá ndaingneoċa an ríġ dáṫruġaḋ. 16 Annsin daiṫin an ríġ, agus ṫugadar Dániel léo, agus do ṫeilgiodar é a nuáiṁ na leoṁan. Anois do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé ré Dániel, Sáorfuiḋ do Ḋía ṫú, dá ḃfóġnann tú a ccoṁnuiḋe. 17 Agus tugaḋ cloċ, agus do leagaḋ ar ḃéul na húaṁa í; agus do ṡéaluiḋ an ríġ le na ṡignead féin í, agus le signéad a ṫiġearnaḋa, iondus naċ háṫroċuiḋ an tionnsgnaṁ a ttáoḃ Ḋániel. 18 ¶ Annsin do ċuáiḋ an ríġ da ṗálás, agus do ċaiṫ sé a noiḋene na ṫrosgaḋ: ni mó tugaḋ aḋḃa ċiúil do laṫair: agus do ċuáiḋ a ċodlaḋ úaḋ. 19 Ann sin déiriġ an ríġ go ró ṁoċ ar maidin, agus do ċuáiḋ go deiṫniosaċ go huáiṁ na leoṁan. 20 Agus an tan ṫáinic sé ċum na húaṁa, do ġoir sé maille re gúṫ trúaġanta ar Ḋániel: agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt re Dániel, A Ḋániel, a ṡerḃisiġ Dé ḃí, an féidir lé do Ḋía, dar ḟóġain tú a ccoṁnuiḋe, do ṡáoraḋ ó na leoṁanuiḃ? 21 Annsin a duḃairt Dániel ris an ríġ, A ríġ, mair go bráṫ. 22 Do ċuir mo Ḋía a aingiol, agus do ḋruid sé béil ná leoṁan, iondus nar ġortuiġeadar mé: do ḃríġ gur fríṫ neiṁċionta ionnam dá laṫair; agus fós ad ḟiaġnuisisi, a ríġ, ní ḋéarna mé urċóid ar biṫ. 23 Annsin do ḃí an ríġ ro lúaṫġáireaċ dá ṫaoiḃ, agus daiṫin sé go ttugaidís Dániel súas as a nuáiṁ. Marsin rugaḋ Dániel súas as a núaiṁ agus níor fríṫ gné ar bioṫ ḋoċair air, do ḃríġ gur ċreid sé iona Ḋía féin. 24 Agus daiṫin an ríġ, agus ṫugadar leó an drong sin do rinne casaoid ar Ḋániel, agus do ṫeilgiodar a nuáiṁ na leoṁan íad, íad fein, a mná, agus a cclann; agus rugadar na leoṁuin buáiḋ orra, agus do ḃrisiodar na ccotċaiḃ a ccnáṁa suil rangadar íoċdar na húaṁa. 25 ¶ Annsin do scríoḃ an ríġ Dárius ċum a nuile ṗobal, ċineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus annsa talaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin diḃ. 26 Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ. 27 Sáoruiḋ sé agus tárṫuiġiḋ sé, agus oibriġiḋ sé coṁarṫaḋa agus ionganta a ḃflaiṫeaṁnus agus annsa talaṁ, noċ do ṡáor Dániel ó ċuṁaċd na leoṁan. 28 Marsin do ċuáiḋ an Dánielse air a aġaiḋ a ríġe Ḋárius, agus a ríġe Ċírus an Persianaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society