Ccolossianaċ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III Na seanḃéusa do ċur fac ccul, 18 agus caiṫeam ar réaċd tíġe na nccreidṁeaċ, lé mía-beaṫa. 1 Uime sin má deirséirġe siḃ má ráon ré Críosd, íarruiḋ na neiṫe atá ṡúas, sa nionad ann a ḃfuil Críosd na ṡuíḋe ar deis Dé. 2 Bíoḋ ḃur ndúil sna neiṫiḃ atá ṡúas, agus ní sna neiṫiḃ atá air talaṁ. 3 Oír atá siḃ marḃ, agus atá ḃur mbéaṫa folaiġṫe má ráon ré Críosd a Ndía. 4 An tan ḟóillséoċṫar Críosd, ar mbéaṫainne, foillséoċṫar siḃse fós an tan sin a nglór má ráon ris. 5 Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ: 6 Tré na dtig díoġaltus Dé ar ċloinn na heasúṁlaċda: 7 Ann a raḃaḃairse fós ag siuḃal a nallód, ar mbeiṫ ḋíḃ ag caiṫeaṁ ḃur mbeaṫa ionnta. 8 Aċd a nois cuiriḋ uáiḃ na neiṫesi uile; fearg, buirfe, blaisṗéime, droiċṁéin, coṁraḋ salaḋ as ḃur mbéul. 9 Ná déunuiḋ bréug ré ċéile, ó ċuireaḃair an seanduine ḋíḃ maille ré na ġníoṁarṫuiḃ; 10 Agus ó ċuireaḃair an duine núaḋ iomuiḃ, noċ atá ar na aṫnúaḋuġaḋ a néolas do réir íoṁáiġe an ti do ċrúṫaiḋ é: 11 Mar naċ ḃfuil Gréugaċ agus Iúduiġe, timċillġearraḋ agus neaṁṫimċillġearraḋ, duine barbarṫa, agus Scitían, dáor agus sáor: aċd Críosd na uile agus ann sna huiliḃ. 12 Uime sin cuiriḋ iomuiḃ, mar ċloinn ṫoġṫa, náoṁṫa ionṁuin Dé, inniġe trócaire, cáoine, úṁlaċd inntinne, ceandsaċd, agus foiġid; 13 Ag taḃair íomċair ḋá ċéile, agus ag maiṫeaṁ ḋá ċéile, má tá gearan ag neaċ a naḋuiġ aroile: aṁuil tug Críosd maiṫeaṁnas díḃse, go maḋ haṁluiḋ sin ḋéunas siḃse. 14 Aċd ós cionn na neiṫeannsa uile bioḋ aguiḃ carrṫannaċd, noċ as coimċeangal diongṁáltaċda ann. 15 Agus bíoḋ sioṫċáin Dé ag ríaġluġaḋ ḃur gcroiḋeaḋ, ċum a ḃfuiltí fós ar ḃur ngairm a néunċorp; agus bíġiḋ buiḋeaċ. 16 Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean. 17 Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion. 18 A ṁnám, bíġiḋ úṁal da ḃur ḃfearuiḃ, mar is cuḃaiḋ sa Dtíġearna. 19 A ḟiora, gráḋuiġe ḃur mná, agus ná bíġiḋ searḃ ḋóiḃ. 20 A ċlann, bíġiḋ úṁal do ḃur naiṫriḃ agus do ḃur máṫriḃ sna huile neiṫiḃ: óir as mór gean an Tíġearna ar so. 21 A aiṫreaċa, na brosduiġe ḃur gclann ċum feirge, deagla a meisniġe do ċur ar gcúl. 22 A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal sna huile neiṫiḃ don druing is maiġisdriḋe oruiḃ do réir na feóla; ní a seirḃís súl, mar luċd do ní toil na ndaóine; aċd maille re neaṁurċóid ċroiḋe, ar mbeiṫ eaglaċ ḋíḃ roiṁe Ḋía: 23 Agus giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, déunuiḋ é ó ċroíḋe, aṁuil don Tíġearna, agus ní do ḋaóiniḃ; 24 Ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuiġe siḃ ón Dtíġearna luáiḋeaċd oiġreaċda: óir as don Tíġearna Críosd do ní siḃ seirḃis. 25 Aċd giḋ bé ní eúgcoir, do ġéuḃuiḋ sé lúaċ sáoṫair na héugcóra do rinne sé: agus ní ḃfuil féuċuin do ṗearsuinn seaċ a ċéile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society