Caintic Ṡolaiṁ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Gráḋ fíoċṁar na heagluise do Ċríosd, 14 do na cineaḋaċaiḃ, 14 agus a gríosaḋ, ar é ṫeaċt gu luáṫ. 1 Is trúaġ naċ tusa mo ḋearḃraṫair, do ḋiúil cíċe mo ṁáṫar! a nuáir do ġeaḃuinn amuiġ ṫú, do ṗógfuinn ṫú; ṫairis sin, ní cuirfiḋe a ttarcuisne mé. 2 Do ṫréoroċuin ṫú, agus do ḃearuinn go tiġ mo ṁaṫar ṫú, noċ do ṁúinfeaḋ mé: do ḃéuruinn ort ól dfíon mo spíosruiḋe do ṡúġ mo ṗomgranat. 3 Do ḃíaḋ a láṁ ċlé fám ċeann, agus do ṫeannfaḋ a láṁ ḋeas ris mé. 4 Cuirim dúalaċ oruiḃ, a inġeana Ierusalem, gan a ċorruġaḋ súas, agus gan mo ġráḋ do ḋúsgaḋ, nó go maḋ toil leis. 5 Cía hí so ṫig a níos ón ḃfásaċ, ag luiḋe air a gráḋ? do ṫóg mé súas ṫú faói an ċrann aḃaill: annsin ṫug do ṁáṫair amaċ ṫú: annsin ṫug sí amaċ ṫú noċ do rug ṫú. 6 ¶ Cuir misi mar ṡéala air do ċroiḋe, mar ṡéala air do riġe: óir is láidir an gráḋ aṁuíl an bás; is fíoċṁar an téud mar a nuáiġ: is sméaróide teineaḋ a smearóide sin, agá mbí lasair ro ḋíḃḟeirgeaċ. 7 Ní ḟéaduid mórán uisgeaḋ an gráḋ do ṁuċaḋ, ní mó ḟéaduid na tuilte a ḃáṫaḋ: dá ttugaḋ duine uile ṁaóin a ṫiġe ar ġráḋ, do dísbeagfuiḋe é ṫríd amaċ. 8 ¶ Atá deirḃṡíur ḃeag aguinn, agus ní ḃfuilid cíċe air biṫ aice: cred ḋéanam ar son ar ndeirḃṡeaṫar annsa ló a laiḃéorṫar air a son? 9 Má ḃíonn sí na balla, do ḋéanam pálás airgid uirre: agus má ḃíonn sí na dorus, druidfiom í le borduiḃ cédair. 10 Atáim am ḃalla, agus mo ċíċe cosṁuil ré toruiḃ: annsin do ḃí mé iona ṡúiliḃsion mar áon do fuáir faḃar. 11 Do ḃí gárḋa fíneaṁna ag Solaṁ ann Baal‐hamon; do ṡuiġiḋ sé an gárḋa fíneaṁna do ċoiṁeaduiḃ; do ḃí ar gaċ aon díoḃ ar son a ṫoruiḋ míle píosa airgid do ṫaḃairt leis. 12 Mo ġárḋa fíneaṁnasa, noċ is liom féin, atá sí as mo ċoinne: ṫusa, a Ṡoluiṁ, caiṫfiḋ tú míle dfaġáil, agus an ṁuinntir ċoiṁéadás a toraḋsin ḋá ċéad. 13 Ṫusa áitreaḃus annsna gáirdíniḃ, éisdiḋ na companuiġ red ġuṫ: taḃair orumsa a ċluinsion. 14 ¶ Déan deiṫnios, a ġráḋ, agus bí cosṁuil re heilit nó ré fíaḋ óg ar ṡlíaḃ na spíosraḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society