Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Caintic Ṡolaiṁ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Creideaṁ, 4 coinġiollaḋa na heagluise, 10 agus gráḋ Ċriosd.

1 Ca háit a ndeaċaiḋ ṫfear gráḋa, ó ṫusa is sciaṁáiḋe a measg na mban? cáit ar imṫiġ do ġráḋ a leaṫtáoiḃ? ċor go níarrfamaóis é maille riot.

2 Do ċuáiḋ mo ġráḋsa síos dá ġáirdín, go leabuiḋ na spíosraḋ, dinġilt annsna gáirdíniḃ, agus do ċruinniuġaḋ lile.

3 Is le mo ġráḋ misi agus is liomsa mo ġráḋ: atá sé ḋá ḃíaṫaḋ a measg na lileaḋ.

4 ¶ Atá tú sgíaṁaċ, ó mo ġráḋ, aṁail Tirsah, deaġṁaiseaċ aṁuil Ierusalem, úaṫḃasaċ aṁuil slúaġ go morataċaiḃ.

5 Iompoiġ do ṡúil uáim, óir do ṡáruiġeadar mé: atá do ġrúag aṁuil speil ġaḃar ag teaċd ó Ġílead.

6 Atáid ṫfíacla aṁuil tréud cáoraċ noċ téid súas ó na níġe, agá mbeirionn gaċ áon díoḃ cúpla, agus naċ bí áon seasg eatorra.

7 Atáid do ċamoga ara aṁuil píosa do ṗomgranat táoḃ a stiġ dot ċíaḃuiḃ.

8 Atá annsin trí fiṫċid bainríoġan, agus ceiṫre fiṫċid leannán, agus maiġdiona gan áireaṁ.

9 Is áon mo ċolum, mo neaṁṫruailliġṫe; aon aṁain a maṫár í, isí aon toġṫa an tí rug í. Do ċoncadar na hinġeana í, agus do ḃeannuiġeadar í; do ṁol fós, na bainríoġna agus na leannáin í.

10 ¶ Cia hí súd ḟéuċus amaċ mar an ṁaidin, breáḋġa mar an ngealuiḋ, gléiġeal mar an ngréin, agus úaṫḃasaċ aṁuil slúaġ go mbrataċaiḃ?

11 Do ċuáiḋ mé síos a ngáirdín na ccnó dféuċuin toruiḋ an ġleanna, agus dféuċúin an raiḃ a nfíneaṁuin ag bláṫuġaḋ, agus na pomgranait ag sceinneaḋ amaċ.

12 Suil ṫug mé dom aire, do ċuir manam mé air ċarbaduiḃ mo ṗobuil ṫoileaṁuil.

13 Fill, fill, a Ṡulamíteaċ; fill, fill, ċor go ḃféuċum ort. Cread do ċífiḋe annsa Tsulamítiġ? Mar do ḃeidís cuideaċda ḋá ṡlúaġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ