Caintic Ṡolaiṁ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Caṫuġaḋ agus buáiḋ na heagluise, 6 agus a maóiḋeaṁ um Ċriosd. 1 An sa noiḋċe air mo leabuiḋ díarr mé an té ġráḋuiġios manam: díarr mé, aċt ní ḃfuaras é. 2 Eireoċad a nois, agus raċa mé fa gcuáirt na caiṫreaċ annsna sráidiḃ, agus annsna sliġṫiḃ fairsionga iarrfa me an te air a ḃfuil gráḋ manma: díarrus é, aċt ní ḃfúair mé é. 3 Fuaradar an luċt faire do ḃí timċioll na caiṫreaċ mé, ris a nduḃairt mé, An ḃfacaḃair an té air a ḃfuil gráḋ manma? 4 Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé. 5 Cuirim dfiaċaiḃ oruiḃ a inġeana Ierusalem, tre ṗocaiḃ, agus tre éilitiḃ an ṁaċaire, gan mo ġráḋ do ċorruġaḋ súas, nó a ṁúsglaḋ, nó go maḋ toil leis féin. 6 ¶ Cia hé so ṫig as an ḃfásaċ aṁuil pileuruiḃ deatuiġe, deaġḃolaiḋ le mirr agus lé túis, le huile ṗúdar an ċeannuiġṫe? 7 Féuċ a leabuiḋ, noċ is le Solaṁ; atáid trí fiṫċid fear cróḋa na ṫimċioll, do ċuraḋuiḃ Israel. 8 Atáid cloiḋṁṫe aca uile, éolaċ a ccogaḋ: atá a ċloiḋioṁ aig gaċ áonduine air a ṡliasúid tre eagla san noiḋċe. 9 Do rinne an ríġ Solaṁ ḋo féin earbad dfioḋḃuiḋ Lebanon. 10 Do rinne sé a ṗiléir sin dairgiod, a íoċtar dór, a ḟolaċ do ṗurpair, a lár ar na ṗáḃáil le gráḋ, ar son inġeana Ierusálem. 11 Eírġiḋe amaċ, a inġeana Sion, agus féuċaiḋ aír an ríġ Solaṁ gona ċoróin ler ċoróiniġ a ṁaṫair é a ló a ḋála, agus a ló ġáirdeaċuis a ċroiḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society