Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Caintic Ṡolaiṁ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Graḋ, 8 dóċas, 10 agus gairm na heagluise. 14 Aire Ċriosd orra; 16 agus a muiniġinne.

1 Is misi rósa Ṡáron, agus lile na ngleann.

2 Mar ḃíos an lile a measg na ndosán, is mairsin ḃíos mo ġráḋsa a measg na ninġean.

3 Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.

4 Rug sé go tiġ na fleiḋe mé, agus ba hí a ḃrataċ a ġráḋ ḋaṁsa.

5 Connaiṁ mé ré flagúnaiḃ, coṁḟurtaiġ ré huḃalluiḃ mé: óir atáim tinn tré ġráḋ.

6 Atá a láṁ ċlé fam ċionn, agus teannaiḋ a láṁ ḋeas ris mé.

7 Aiṫniġim ḋíḃ, a inġeana Ierusalem, maille ré pocaiḃ, agus ré heilitiḃ an ṁaċaire, gan mo ġráḋ do ċorruġaḋ súas, nó do ṁúsglaḋ, nó go ttogra sé féin.

8 ¶ Guṫ mo ġráḋuiġ! féuċ, atá sé ag teaċt a léimniġ ar na sléiḃtiḃ, ag tuflógaḋ ar na cnocaiḃ.

9 Is cosṁuil mo ġraḋ ré poc, no re cáirrḟiaḋ óg: féuċ, seasuiġ sé táoḃ ṡiar dar mballaine, féuċuiḋ sé amaċ air ḟuinneóig, ḋá ṫáisbeanaḋ féin ṫrid an laitis.

10 ¶ Do laḃair mo ġraḋ, agus a duḃairt sé riom, Eiriġ súas, a ġráḋ, mo áon bréaḋa, agus tárr liomsa.

11 Oír, féuċ, do ċuáiḋ an geiṁreaḋ ṫoruinn, atá a nfearṫuinn ṫoruinn agus ar nimṫeaċt;

12 Taisbeanuid na bláṫa air an ttalaṁ; ṫáinig aimsir ceóil na néun, agus do ċlos guṫ a nfearáin ionar ttírne;

13 Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.

14 ¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.

15 Gaḃ ḋúinn na sionnuiġ, na sionnuiġ ḃeaga, ṁillios na fineaṁná: óir atáid cáora beaga air ar ḃfineaṁuin.

16 ¶ Is liomsa mo ġráḋ, agus is leis mé: do ní sé inġilt a measg na hleaḋ.

17 Nó go néirġiḋ an lá, agus go nimṫiġ an scáile, fill, a ġráḋ, agus bíse aṁuil poc nó mar ċáirrḟíaḋ óg ar ṡléiḃtiḃ Béter.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ