Breiṫeaṁuin 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Samson ar reúbaḋ léoṁan, 12 do ċuir sé toṁus ar na Ṗilistiniḃ, 19 noċ bá ṡiocar da ngcoinntinniḃ. 1 Agus do ċúaiḋ Samson síos go Timnat, agus do ċonnairc sé bean a Ttimnat dinġeanuiḃ na Ḃṗilistineaċ. 2 Agus ṫaínic sé suas, agus dinnis sé ḋá aṫair agus dá ṁaṫáir, agus á duḃairt sé riú, Do ċonnairc mé bean a Ttimnat dinġionuiḃ na Ḃṗilistineaċ: anois ar a naḋḃarsin faġaiḋ ḋaṁ mar ṁnaoi í. 3 Ann sin a duḃairt a aṫair, agus a ṁaṫair ris, A né naċ ḃfuil bean ar biṫ a measg inġean do ḋearḃráiṫreaċ, nó a measc mo ḋaóinesi uile, ás a raċṫá do ṫaḃairt mná do na Ṗilistiniḃ neiṁṫimċillġeárrṫa? Agus a duḃairt Samson re na aṫair, Faġ ḋaṁ í; óir atá sí sgíaṁaċ ann mo ṡúiliḃ. 4 Aċt ní raiḃ a ḟios agá áṫair no agá ṁaṫair gurob ón TTIĠEARNA ṫainic, go níarṫaḋ sé cúis a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: óir do ḃí úaċdaránaċd ag na Ḃṗilistineaċ ós cionn Israel a núair sin. 5 ¶ Ann sin do ċuaiḋ Samson síos, agus a aṫair agus a ṁaṫair, agus tangadar go Timnat, agus go fíneaṁuin Ṫimnat: agus, féaċ, do ċuir leoṁan óg buireaḋ as na agaiḋ. 6 Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ air, agus do réub sé e mar do réabfaḋ meannán, agus ní raiḃ éinní aige iona laíṁ: aċd níor innis dá aṫair nó ḋá ṁaṫair cred do rinne sé. 7 Agus do ċuáiḋ sé síos, agus do ċoṁráiḋ sé ris an mnáoi; agus do ṫaitin sí re Samson go maiṫ. 8 ¶ Agus tar éis aimsire dfill sé ḋá taḃairt, agus do ġaḃ sé do leaṫtaoiḃ dféaċuin ċonablaiċ an leoṁuin: agus, féaċ, do ḃí saiṫe ḃeaċ agus míl a cconablaċ an leoṁuin. 9 Agus do ġlac seision cuid díoḃ ann a láiṁ, agus do ṡiuḃáil roiṁe ḋá íṫe, agus ṫáinic ċum a aṫar agus a ṁaṫar, agus ṫug cuid de ḋóiḃ, agus a dúadarsan sin: aċd níor innis sé ḋóiḃ gur ḃean sé an ṁil as conablaċ an leoṁuin. 10 ¶ Ann sin do ċúaiḋ a áṫair síos mar a raiḃ an ḃean: agus do rinne Samson bainḟeis annsin; óir is mar sin do ġnáṫṫuiġedís na dáoine óga ḋéanaṁ. 11 Agus tárla, a núair do ċonncadar é, go ttugadar tríoċad companaċ mar ċuideaċda ḋó. 12 ¶ Agus a duḃairt Samson riú, Cuirfé mé toṁus anois oruiḃ: má ḟúasclan siḃ ḋaṁ é go deiṁin táoḃ a stiġ do ṡeaċd lá an nféasta, agus má ġeiḃṫí an ċíall ḟíre, annsin do ḃéara mé tríoċad leíne ḋáoiḃ agus tríoċad culaiḋ éaduiġ: 13 Aċt muna ḃfuascaltáoi ḋaṁ é, ann sin do ḃéarṫaóise ḋaṁsa tríoċad leíne agus tríoċad culaiḋ éaduiġ. Agus a duḃradarsan ris, Cuir amaċ do ṫoṁus, go ccluinmís é. 14 Agus a duḃairt sé ríu, Amaċ as an té iṫeas ṫáinic bíaḋ, agus amaċ as an neartṁar ṫáinic millseaċd. Agus níor ḟéadadarsan ar feaḋ ṫrí lá an toṁus dfúasclaḋ. 15 Agus tárla air an seáċdṁaḋ lá, go nduḃradarsan re mnaoi Ṡamson, Taḃair air ṫfear, go ninnseaḋ sé ḋúinne an toṁus, deagla go loisgfimísne ṫú féin agus tiġ haṫar le teiniḋ: an do ḃuáin a ḃfuil aguinn dínn do ċuireaḃair fios oruinn? nó naċ eáḋ? 16 Agus do ġuil bean Ṡamson as a ċoinne, agus a duḃairt sí ris, Ní ḃfuil aċd fúaṫ agad orumsa, agus ní hionṁuin leaċd mé: do ċuir tú ceíst amaċ ċum cloinne mo ṁuinntire, agus níor innis tú ḋaṁsa é. Agus a duḃairt seision ría, Féaċ níor innis mé dom aṫair nó dom ṁaṫair é, agus an inneosa mé ḋuitsi é? 17 Agus do ġuil sisi dá laṫair an ċuid oile do na seaċd lá, an feaḋ do ṁair an féasta: agus tárla air an seaċdṁaḋ lá, gur innis sé ḋi, do ḃríġ go raiḃ sí roiġear air: agus dinnis sise an toṁás do ċlainn a muinntire. 18 Agus a duḃradar daoine na caiṫreaċ ris an seċdṁaḋ lá suil do ċuáiḋ grian fáoi, Cread is millse ná mil? agus cred is láidre ná leoṁan. Agus a duḃairtsion riú, Muna ttreaḃaḋ siḃsi lem ċolpuiḋsi, ni húaisceolaḋ siḃ mo ṫoṁas. 19 ¶ Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ċúaiḋ sé síos go Hascelon, agus do ṁarḃ sé tríoċad fear ḋíoḃ, agus do ġlac a néadáil, agus ṫug sé culaiḋ éaduiġ don luċd do ḟúascuil an ċeist. Agus do haḋnaḋ a ḟearg, agus do ċuáiḋ sé súas gó tiġ a aṫar. 20 Ar a naḋḃarsin tugaḋ bean Ṡamson dá ċumpanaċ, noċ dá ndeárna sé a ċara. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society