Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ḃfilippiánaċ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Guiḋe arson méuduġaḋ seirce agus sair-eóluis 27 agus impiḋe ar bi crúadalaċ cróiḋetrén fa leaṫtrom.

1 Pol agus Timotéus, searḃḟoġantuiġiḋ Iósa Críosd, ċum na nuile náoṁ a Niósa Críosd naċ atá a Ḃfilippi, maille ris na heasbuguiḃ agus ris na deacanuiḃ:

2 Grasa maille riḃ, agus síoṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus on Dtíġearna Iósa Críosd.

3 Beirim buiḋeaċas ré mó Ḋía gaċ uáir ċoiṁniġim oruiḃse,

4 Ag síḋéunaṁ úrnuiġe maille ré gáirdeaċus um uile ġuiḋe ar ḃur sonnsa uile,

5 Do ḃríġ ḃur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois;

6 Ar mbeiṫ ḋaṁ dearḃṫa as an ní céudnasa, eaḋon an tí do ṫionnsguin obair ṁaiṫ ionnuiḃ go gcuirfe sé críoċ uirrṫe go lá Iósa Críosd:

7 Már as cóir ḋaṁ an breaṫnuġaḋsa do ḃeiṫ agum oruiḃ uile, do ḃríġ go ḃfuil siḃ agam um ċróiḋe; go raḃaḃair uile páirteaċ ré mo ġrása, ré linn mo ġéiḃeann, agus mo ċosanta agus mo ḋaingniġṫe ar a tsoisgéul.

8 Oír atá Día dfíaḋnuise agum, ar ṁéud mo ḋúile ionnuiḃ uile ó ḟréuṁaċ mo ċróiḋe a Níosa Críosd.

9 Agus íarruim so daṫċuinġe, ḃur ngráḋsa do líonaḋ fós ní sa ṁó ná ċéile a neólas agus a nuile ṫuigse;

10 Ionnus go ndearḃaḋ siḃ na neiṫe as fearr; as go mbíaḋ siḃ fíorġlan gan tuisleaḋ ar bíṫ go lá Ċríosd;

11 Ar mbeiṫ líonta do ṫórrṫuiḃ fíréuntaċda, noċ tré Iósa Críosd, lionus ċum glóire agus molta Dé.

12 Agus as mían riom a ḟios do ḃeiṫ aguiḃ, a ḋearḃráiṫre, na neiṫe ṫárrlá ḋaṁ gur éiriḋ ríu barr oirḋearcuis do ċur ar a tsoisgéul;

13 Ionnus go ḃfuilid mo ċuiḃriġṫese ar son Ċríosd óirḋeirc ar feaḋ an Ṗálais uile, agus sna huile áitiḃ eile;

14 Ionnus gur móide dánaċd na coda as mó do na dearḃraiṫriḃ sa Dtíġearna, ċum na bréiṫré do laḃairt go neiṁeaglaċ, an ṁeisneaċ do ġaḃadar ċuca as mo ċuiḃriġṫiḃse.

15 Do ní dream áiriġe go ḋearḃṫa Críosd do ṡeanmóruġaḋ tré ṫnúṫ agus tre ċonsbóid; agus dream eile tré ḋeaġṫoil:

16 Do ní dream aca Críosd do ṡeanmóruġaḋ trés ċonsbóid, ní ó inntínn ġloin, ag sáoilsin dóiḃ go gcuirfid tuilleaḋ buáiḋearṫa a gceann na gcuiḃreaċ atá oramsa:

17 Aċd dreim eile ó ġráḋ, ar mbeiṫ a ḟeasa aca, go ḃfuilimse arm o ċur ċum féasda ar son an tsoisgéil.

18 Créd eile máseaḋ? atá Críosd fós dá ṡeanmóruġaḋ ar gaċ éunċor, más a rioċd fírinne nó fós a ḃfírinne féin; agus do nímse ḋá ḃríġ so gáirdeaċas, agus fós do ḋéunad gáirdeaċas.

19 Oír atá a ḟios agum go raċuid so ċum slánuiġṫe ḋaṁ tré ḃur núrnuiġṫese, agus tré ċungnaḋ iomlán Sbioruide Iósa Críosd,

20 Do réir mar atá mo ṡúil agus mo ṁuiniġin go géur ris, náċ ccuirfiġṫear aḋnáire oram a náoin ni, aċd maille ré gaċ uile ḋóṫċas, aṁuil do ṫarrla ḋaṁ a ríaṁ, go náirdeoċar Críosd a nois mar an gcéudna um ċorp, más tré ḃeaṫa, nó tré ḃás é.

21 Oír as éudáil daṁsa Críosd, más beaṫa no bás daṁ.

22 Agus dá dteagṁuiġ ḋaṁ ḃeiṫ beó sa gcoluinn, biáiḋ sé tarḃaċ ḋaṁ: agus créd do ḃéuruinn do roġain ní eadair mé.

23 Oír atáim a gcúṁgaċ ar gaċ táoḃ, ar mbeiṫ ḋaṁ fonnṁar ar ḃeiṫ fá reír, agus ar ḃeiṫ a ḃfoċair Ċríosd; óir ni ḃfuil ann ní as fear ná sin:

24 Giḋeaḋ as riaċdanuiġ ḋiḃsé mé ḟuireaċ sa gcoluinn.

25 Agus atá a ḟios dearḃṫa so agum go ḃfanfad agus go ndéunad coṁnuiḋe ḃur ḃfoċairse uile, ċum siḃse ċur ar ḃur naḋuiġ, agus ċum gáirdeaċais créidiṁ;

26 Ionnus go líonfaḋ ḃur luaṫġáirse a Niósa Críosd dom ṫáoḃsa ó ḃeiṫ ḋaṁ a rís a láṫair agaiḃ.

27 Aṁáín iomċruiḋ siḃ féin go cuḃaiḋ do ṡoisgéul Ċríosd: ionnas dá dtigiḋ mé agus go ḃfaicfeaḋ siḃ, nó dá raiḃ mé uáiḃ, gi ḃfuiġead sgéula oruiḃ, go ḃfuiltí ag fuireaċ a náoin Sbioruid, agus ag cur lé ċéile déininntinn a gcreideaṁ an tsoisgéil;

28 Agus ná bíoḋ eagla na druinge ċuireas ḃur naḋuiġ oruiḃ a gcáil ar biṫ: noċ is coṁarṫa sgriosda ḋóiḃsion, aċd sláinte ḋíḃse, agus sin ó Ḋía.

29 Oír tugaḋ ḋíḃse a naisgiḋ ar son Ċríosd, ní hé aṁáin creideaṁ ḋíḃ ann, aċd mar an gcéudna fulang ar a ṡon;

30 Ar mbeiṫ do ċóṁrac ċéudna aguiḃse noċ do ċonncaḃair ionnamsa, agus a nois do ċluintí ḃeiṫ ionnam.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ