Amos 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Is gnáṫ le Día raḃaḋ do ċur roiṁe smaċt. 1 Eistiġ an focalso do laḃair an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, a ċlann Israel, a naġaiḋ na muinntire go hiomlan noċ ṫug mé a níos as críċ na Hégipte, ag ráḋ, 2 Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart. 3 An féidir días do ṡiuḃal le ċéile, mun ḃéid síad réiḋ? 4 An mbúirfiḋ an leoṁan annsa ḃforaois, a nuáir naċ ḃfaġann fíaḋaċ ar bioṫ? a néiġfe an leoṁan óg as a úaiṁ, munar ġlac sé ní ar bioṫ? 5 An ḃféadann éun tuitim a bpaintéar air an ttalaṁ, áit naċ bí gaiste ar bioṫ air? an ttóigfe duine paintéar súas ón ttalaṁ, agus gan aóinní ar bioṫ do ṫógḃáil ann? 6 An séidfiġear stoc annsa ċaṫruiġ, agus gan eagla do ḃeiṫ air an bpobal? an mbiáiḋ olc annsa ċaṫruiġ, agus naċ é an TIĠEARNA do rinne é? 7 Go deiṁin ní ḋéana an Tiġearna DIA éinní, gan taisbeanaḋ a ṡecréide dá ṡerḃíseaċaiḃ na fáiġe. 8 Do ḃéic an leoṁan, cía air naċ biáiḋ eagla? do laḃair an Tiġearna DIA, cía naċ déana tairrġire? 9 ¶ Fúagair ós áird a bpálásaiḃ Asdod, agus a bpálasaiḃ ċríċe na Hégipte, agus abaír, Cruinniġiḋ siḃ féin air ṡleiḃtiḃ Ṡamáriah, agus féuċuiḋ an crionċán mór iona lársin, agus an drong anróiḋteaċ iona lársin. 10 Oír ní feas dóiḃ ceart do ḋéanaṁ, a deir an TIĠEARNA, noċ ċruinniġios foiréigion agus sladṁóireaċd iona bpálásaiḃ. 11 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Biáiḋ eascara timċioll fa ccuáirt na tíre; agus béaruiḋ sé do neart síos uáit, agus siadfuiġṫear do ṗáláis. 12 Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa. 13 Eistiġse, agus fíaḋnuiġiḋ a ttiġ Iácob, a deir an Tiġearna DIA, Día na slóġ, 14 Annsa ló a naigeóra mé sáruġaḋ Israel air aigeora mé fós altóra Ḃetel: agus géarrfuiġear aḋarca na haltóra ḋi, agus tuitfid ċum na talṁan. 15 Agus buáilfiḋ mé an tiġ geiṁriḋ leis an ttiġ saṁruiġ; agus imeoċuid na tiġṫe dfíaclaiḃ eleṗant seaċad, agus biáiḋ críoċ aig na tiġṫiḃ móra, a deir an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society