Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

2 Peadar 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I An toġa do ḋeanaṁ cinnteaċ ḋóiḃ féín, tre ṡúḃailce Ċríosd do leanṁuin; 16 neaċ do ḋearḃaḋ na Ṁac Dé, ó na habsdaluiḃ, ón Aṫar, agus ó na fáiġiḃ.

1 Siomon Peadar, searḃḟóġantuiġ agus absdal Iósa Críosd, ċum na druinge fúair creideaṁ coṁmórluáiḋ rinne tré ḟiréuntaċd ar Ndé agus ar slánaiġṫeóra Iósa Críosd:

2 Grása agus síoṫċain go ro líónṁar maille ríḃ tré eólas Dé, agus Iósa ar Dtíġearna,

3 Mar do ṫioġluic a ċúṁaċd díaġasan na huile neiṫe ḋuinne ḃeanas ré beaṫa agus ré díaġaċd, tré eólas an tí do ġoir sinn ċum glóire agus súḃailce:

4 Tré a dtug sé ḋúinn geallaṁnaċa ró ṁóra morluáiḋ: ionnus go mbíaḋ ṫríṫeaḋ so cumann aguiḃ ris a nádúir ḋíaġa, ar mbeiṫ ḋiḃ ag seaċna an truáilliḋe atá sa tsáoġal tré ainṁían.

5 Agus fós, ar ndéunaṁ na huile ḋúṫraċda ḋíḃse ṡá ṫáoḃ so, cuiriḋ súḃailciḋe ré ḃur gcreideaṁ; agus eólas ré ḃur súḃailciḋiḃ;

6 Agus measarrġaċd ré ḃur neólas; agus foiġid ré ḃur measarrġaċdl; agus díaġaċd ré ḃur ḃfoiġid;

7 Agus cáoineas bráiṫreaṁuil ré ḃur ndíaġaċd; agus gráḋ re ḃur gcáoineas.

8 Oír ma ḃíonn na neiṫese eadruiḃ, agus iad ag líonaḋ, do ḃéuruid oruiḃ gan ḃeiṫ díoṁáoin na naṁṫórṫaċ a neólas ar Dtíġearna Iósa Críosd.

9 Oír an tí atá gan na neiṫese aige atá sé dall, agus ní léir ḋó ní ar biṫ a ḃfad úaḋ, ar na ḋearmud dó gur glanaḋ é ó na ṡeanṗeacuiġiḃ.

10 Uime sin a ḋearḃráiṫre, go maḋ móide ḋéunad diḃ dúṫraċd, ré ḃur ngairm agus re ḃur dtoġa do ḋéunaṁ diongṁalta: óir má ní siḃ na neiṫese, ni ḃfuiġe siḃ leagaḋ ċoiḋċe:

11 Oír as áṁluiḋ so ġeaḃus siḃ go fairsing sliġe ré dul a steaċ a rioġaċd ṡiorruiḋe ar Dtíġearna agus ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd.

12 Ar a naḋḃarsa ní ḋéuna mé faílliḋe ré ḃeiṫ ag síorċuir na neiṫeannsa a gcuiṁne ḋíḃ, bíoḋ go ḃfuil siḃ iúlṁar, agus daingean sa ḃfírinne atá a laṫair.

13 Aċd ċeana, measuim gur coir, an feaḋ ḃías mé sa mboiṫse, siḃse do ḋúsaċd ré ḃur gcur a gcoiṁne;

14 Ar mbeiṫ a ḟeasa agum gur fogas daṁ ám sgáoilte mo ḃoiṫe, aṁuil fós do ṫaísbéin ar Dtíġearna Iósa Críosd ḋaṁ.

15 Agus fós do ḋéun mo ḋiṫċioll do ġnáṫ tair éis mimṫeaċd go maḋ héidir riḃse na neiṫese ċuiṁniuġaḋ.

16 Oír ní ag leanṁuin do sgéultuiḃ ealaḋanta fáḃuill do ḃámar, an tan do ḟoillsiġeamar ḋíḃse cúṁaċda agus teaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd, aċd do ċonncamar ré ar súliḃ féin a ṁórġaċd.

17 Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Ḋía Aṫar, an tan ṫáinic a ṡaṁuil so do ġúṫ ċuige ón nglóir ṁórġasin, Ag so mo Ṁac gráḋaċsa, ann a ḃfuil mo ḋeaġṫoil.

18 Agus do ċúalamairne an gúṫ sa ṫáinic ó neaṁ, ar mbeiṫ ḋúinn na ḟoċairsean ar a tslíaḃ náoṁṫa.

19 Agus atá aguinn bríaṫar na ḃfáiḋeaḋ as deiṁniġe ná sin; dana maiṫ do ní siḃ aire do ṫaḃairt, aṁuil do lóċrann ṡoillsiġeas a nionad ḋorċa go soillsiuġaḋ an láoi, agus go héirġe do réult na maiden ann ḃur gcróiḋṫiḃ:

20 Ar mbeiṫ ḟios so aguiḃ ar tús naċ ḃfuil fáiḋeadóireaċd ar biṫ don sgriobtúr ó eidirṁíniuġaḋ ṫig ó ḋuine féin.

21 Oír ní réir ṫola duine ṫáinic an ḟáiḋeadoireaċd a nallód: aċd do laḃráidís dáoine náoṁṫa Dé do réir mar do seóltuiġe íad ón Spiorad Náoṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ