Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

1 Chum na gCoirinnteach 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Is coṁluċd oibre do Ḋía, na mínisdriḋ; 11 aċd Criosd fein bunair an ċreidiṁ.

1 Agus a ḋearḃraiṫreaċa, níor ḃféidir leamsa laḃairt riḃse mar ḋáoiniḃ sbioradálta, aċd mar ḋáoiniḃ colluiḋe, aṁuil náoiḋeanuiḃ a Gcríosd.

2 Do ḃeaṫaiḋ mé siḃ re bainne, agus ní ré bíaḋ: óir níor ḃféidir liḃ fós a ġaḃáil ċugaiḃ, agus a nois féin ní féidir liḃ.

3 Oír atá siḃ fós colluiḋe: oír ó atá tnúṫ, agus imreasuin, agus aiṁreiteaċ eadruiḃ, a né naċ ḃfuilti colluiḋe, agus naċ sioḃlann siḃ do réir ḋáoine?

4 Oír an tan a deir neaċ, As lé Pól misi; agus neaċ eile, As le Apollos misi; a né naċ ḃfuiltí colluiḋe?

5 Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, aċd na mínisdrí tré ar ċreideaḃair, agus do réir mar tug an Tiġearna do ġaċ áoinneaċ?

6 Do ṗlanndaiġ misi, do ċraiṫ Apollos an tuisge; aċd a sé Día tug an fás.

7 Ar a naḋḃarsin ní ḃfuil éifeaċd sa tí ṗlanndaiġeas, na fós sa tí ċroiṫeas an tuisge; aċd a Ndía do ḃeir an fás.

8 Agus is ionnan an tí ṗlanndaiġeas, agus an tí ċroiṫeas an tuisge: agus do ġéuḃaiḋ gaċ áon a ṫúarasdal do réir a ṡáoṫair.

9 Oír is cóṁluċd oibre do Ḋía sinne: is siḃse treaḃaire Dé, agus áitreaḃ Dé.

10 Do reir ġrás Dé tugaḋ ḋaṁsa, do ċuir mé an ḟonndameint, mar ṁaiġisdir íulṁar oibre, agus tógḃuiḋ neaċ eile obair air. Giḋeaḋ taḃraḋ gaċ áon dá aire cionnus ṫógḃus sé a nobair.

11 Oír ní héidir ré háoinneaċ fonndameint ar biṫ eile do ċur, táoḃ amuiġ don ḟonndameint atá ar na ċur ċeana, eaḋon Iósa Críosd.

12 Agus dá dtógḃuiḋ áoinneaċ ar an ḃfonndameintsi ór, airgead, cloċa uáisle, aḋmad, féur, no connlaċ;

13 Do ḋéuntar obair gaċ áonduine follus: óir foillseoċaiḋ an lá é, do ḃríġ go maḋ léir é ris an dteine; agus foillseóċáiḋ an teine cionnus ḃías obair gaċ éunduine.

14 Da nanaiḋ obair áonduine noċ do ṫóg sé ar an ḃfonndameint, do ġéuḃaiḋ se túarasdal.

15 Má loisgear obair éunduine, raċaiḋ a ṡáoṫar amúġa: giḋeaḋ sáorfuiġṫear é féin; aċd sin fós aṁúil tré ṫeine.

16 A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur siḃ teampoll Dé, agus go gcóṁnuiġeann Ṡiorad Dé ionnaiḃ?

17 Má ṫruáilliġeann einneaċ teampoll Dé, sgriosfuiḋ Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náoṁṫa, noċ as siḃse.

18 Na meallaḋ éinneaċ é féin. Má ċiṫear déunduine aguiḃ é féin do ḃeiṫ glic sa tsáoġalsa, bíoḋ sé na amadán, ionnus go mbíaḋ se glic.

19 Oír is aiṁġliocas ré Día gliocas an tsáoġalsa. Oír atá sgríoḃṫa, Greamuiḋe sé na dáoine glioca ann a sliġṫiḃ féin.

20 Agus a rís, Atá a ḟios ag an Dtiġearna, gur díoṁáoineaċ smuáintiġe na ndáoineaḋ glioc.

21 Uime sin na déunaḋ áoinneaċ máoiṫfeaċas ar ḋáoiniḃ. Oír is liḃse na huile neiṫe;

22 Da maḋ é Pól é, nó Apollos, nó Céṗas, nó an sáoġal, nó beaṫa, nó bás, nó na neiṫe atá do laṫair, nó na neiṫe atá ċum teaċda; is liḃse íad uile.

23 Agus as lé Críosd siḃse; agus as le Dia Críosd.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ