Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Gníoṁarṫa 6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VI. An mórṡeisear deoċon dá n-óirdniú. Díoġras Stioṗáin.

1 Agus ins na laeṫiḃ sin, nuair a ḃí uiṁir na ndeisgiobul ag dul i méid, d’eiriġ ceisnioṁ do sna Gréagaiġ i n-aġaid na n-Eaḃraċ, ’ġá ráḋ go dtugtí failliġe ’n-a mḃaintreaċaiḃ féin sa ḃḟriṫalaṁ laeṫaṁail.

2 Ansan do ġlaoiḋ an dáréag na deisgioḃuil go léir i gceann a ċéile agus duḃradar: Ní cuíḃe ḋúinne briaṫar Dé d’ḟágaint agus friṫálaṁ ḃórd a ḋéanaṁ.

3 Cuardaiġiḋ d’a ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ar ḃúr measg féin, mórṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa, agus iad lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad.

4 agus beimíd féin coitċianta ag déanaṁ úrnuiġṫe agus ag friṫálaṁ an ḃréiṫir.

5 Agus do ṫaiṫn an ċainnt leis an bpobul go léir. Agus do ṫoġadar Stioṗan, fear a ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spioraid Naoṁ; agus Pilib, agus Proċor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a ṫáinig cúca ó Antioċ.

6 Ṫugadar na fir sin i láṫair na n-Aspol, agus ḋein na n-Aspoil úrnuiġṫe ḋċiḃ agus ċuireadar a láṁa orṫa.

7 Agus ḃí briaṫar an Tiġearna ag fás agus uiṁir na ndeisgiobul ag dul i líonṁaire go mór i n-Ierúsalem, agus ḃí cuallaċt ṁór de sna sagairt féin tar éis géille do’n ċreideaṁ.

8 Agus ḃí Stioṗán lán de ġrásta agus de neart agus é ag déanaṁ mírḃúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine.

9 Ansan d’eiriġ daoine áiriṫe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneaċ agus na gCurénéaċ agus na n-Alecsandríneaċ agus na ndaoine a ṫáinig ó Ċilicla agus ó Ásia, agus ḃíodar ag aragóint le Stioṗan.

10 Agus ní raḃdar áḃalta ar ṡeasaṁ i n-aġaiḋ na h-eagna agus i n-aġaiḋ na spioraide le n-a laḃrad sé.

11 Ansan ċuireadar suas daoine áiriṫe ċun teaċt agus a ráḋ gur airíġdar féin focail ṁasluiġṫeaċa uaiḋ i n-aġaiḋ Ṁaoise agus i n-aġaiḋ Dé.

12 Do ġníosadar ar an gcuma san an poḃul agus na seanóirí agus na sgríḃneóirí agus do riṫeadar i gceann a ċéile agus do rugadar air agus do ṫugadar i láṫair na cóṁairle é.

13 Agus ċuireadar suas fínniṫe ḃréagaċa ċun a ráḋ: Ní stadann an duine sin aċ ag laḃairt cainnteana masluiġṫeaċa i n-aġaiḋ na h-áite naoṁṫa agus i n-agaiḋ na dlíġe.

14 Óir d’airiġmair é ’ġá ráḋ so: Déanfaiḋ Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfiḋ sé aṫarú ar na nósa a ṫug Maois dúinn.

15 Agus ḃí luċt na cóṁairle ag féaċaint go dlúṫ air agus ċonnacadar go raiḃ a ġnúis mar a ḃeaḋ gnúis aingil.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ