Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 71:22 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

22 Is fonnṁar a ṡeinnfiḋ mo ḃéal duit: agus is fonnṁar a ṡeinnfiḋ mʼanam duit, ó dʼḟuascail tú í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

22 Air aḋḃaiḋ sáltraċ, molfad mo Ḋia, Seaḋ ṫ’fírinn ta ro ċáoṁ. A’s seinnfead ḋuit ár ċlárseaċ ḃínn, A aoin náoṁṫa Isráel;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Molfa mé fós ṫú air aḋḃaiḋ na sáltraċ, ṫfírinnesi, ó mó Ḋía: canfad sailm ḋuit leis an ccláirsiġ, ṫusa a Aóin Náoṁṫa Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 71:22
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aḋarfaiḋ mé i dtreo do ṫeampaill naofa, agus molfaiḋ mé dʼAinm, as uċt do ċarṫanaċta gráṁaire agus as uċt dʼḟírinne: óir dʼardaiġ tú dʼAinm, agus do ḃriaṫar, os cionn a ḃfuil ann.


Canfaiḋ mé aṁrán úrnua duit, a Ḋia: agus seinnfiḋ mé do ṁolaḋ ar liúit na ndeiċ téad.


Mar ṁaiṫe led Ainm, a Ṫiarna: bí trócaireaċ dom i mo ṗeaca ós mór é.


Molaigí an Tiarna leis an gcláirseaċ: seinnigí a ṁolaḋ leis an liút, agus le cruit na ndeiċ téad.


Agus go dté mé faoi ḋéin altóra Dé, ċuig Dia is cúis aoiḃnis agus gairdis dom: agus altóiḋ mé duit é ar an gcláirseaċ, a Ḋia, mo Ḋia.


Molfaiḋ mé Dia, ar son a ḃriaṫair: ċuir mé mo ḋóċas i nDia, agus ní heagal liom a ndéanfaḋ fuil agus feoil orm.


Ba ṁinic a ċuireadar caṫuiṫe air san ḟásaċ: agus a ċrádar é sa tír ḟiáin.


Beiḋ carṫanaċt ġráṁar an Tiarna á canaḋ de ṡíor agam: ó ġlúin go ċéile beiḋ dʼḟíréantaċt á foilsiú agam le mo ḃéal.


Óir is tú clú a gcuṁaċta: agus is de do ċarṫanaċt ġráṁar a ardóiḋ tú ár n‑aḋarca.


Dʼḟógair an Tiarna a ṡlánú: dʼḟoilsiġ sé a ḟíréantaċt faoi ṡúile na bpágánaċ.


Ba ċuiṁin leis a ṫrócaire agus a ḟírinne do ṫeaġlaċ Iosrael: níl cúinne den doṁan naċ ḃfuil slánú ár nDé feicṫe aige.


Taispeánaigí ḃur n‑áṫas don Tiarna, a ṫíorṫa uile: canaigí agus bígí áṫasaċ agus tugaigí buíoċas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ