Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 7:9 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

9 Tigeaḋ urċóid luċt an oilc ċun deiriḋ: aċ treoraiġ tusa na fíréin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

9 O críoċnuiġ olc na ndáoineaḋ ndáoi, Aċt daingniḋ dáoine cóir: ’S fear sgruduiġ croiḋe a’s ransuiġeóir, Dia coṁṫromaċ na nglóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 O críoċnuiġeaḋ olc na cciontaċ; aċt daingniġ an duine ceart: óir dearḃuiḋ an Día fíréanta na croiḋṫe agus na duḃáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 7:9
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ cinnte go ḃfaca tú é: de ḃrí go n‑aṁarcann tú ar an éagóir agus ar an diansmaċt;


Is é an Tiarna is Rí go saol na saol: agus dʼéag na págánaiġ as an tír.


Breaṫnaíonn a ṡúile na boċta: scrúdaíonn a roisc Síol Áḋaiṁ.


A Ṫiarna, is tú a ṫoṁais mé agus a ċuir eolas orm: is feasaċ duit mo ṡuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i ḃfad roiṁ ré.


Dʼḟéaċ tú agus dʼḟiosraiġ tú mo ċroí san oíċe; táim profa agat, agus ní ḃfaiġiḋ tú coir ionam: óir tá rún daingean agam gan peacú i mbriaṫar mo ḃéil.


Ṫug an Tiarna luaċ saoṫair dom de ḃarr mʼḟíréantaċta: ċúitiġ sé glaine mo láṁ liom.


Proṁaiġ mé, a Ṫiarna, agus féaċ mé: breaṫnaiġ mʼáranna agus mo ċroí.


Dúisiġ, agus éiriġ go dtuga tú breiṫiúnas ar mo ċasaoid: tugaḋ mo Ḋia, agus mo Ṫiarna mo ċeart dom.


Bíonn imeaċta an dea‑ḋuine á rialú ag an Tiarna: agus soirḃíonn sé a ṡlí ċun a ṡásaiṁ féin.


Agus ṫug sé aníos mé as poll an uafáis, as an lábán agus an dóib: agus ċuir sé mo ċosa ina seasaṁ ar an gcarraig, agus rialaiġ sé mo imeaċta.


Taḃair saorḃreiṫ orm, a Ḋia, agus pléiġ mo ċúis in aġaiḋ na ndaoine míċráifeaċa: fuascail mé ón ḃfear fealltaċ urċóideaċ.


Má rinneamar dearmad de Ainm ár nDé, nó má ṫógamar ár láṁa do Ḋia ċoiṁṫíoċ: naċ ḃfaiġiḋ Dia a ḟios? Ós feasaċ dó na smaointe is uaigní sa ċroí.


Bris a ḃfiacla, a Ḋia, ina mbéal: buail buille ar ċnáṁa géill na leon, a Ṫiarna.


Agus beiḋ an Tiarna mar ċrann cosanta ag a ḃfuil faoi ḋaorsmaċt: agus mar ḋídean an tráṫ a ṫagann an buaireaṁ.


Insígí i measc na bpágánaċ gurb é an Tiarna is Rí ann: agus gurb é a ḋaingniġ an ċruinne go naċ féidir a corraí; agus conas a ṫaḃarfaiḋ sé breiṫiúnas fíréanta ar na daoine.


Óir tá sé ag teaċt, ag teaċt le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an talaṁ: le breiṫiúnas fíréanta a ṫaḃairt ar an doṁan, agus breiṫiúnas fírinneaċ a ṫaḃairt ar na daoine.


Buaileaḋ na haiḃneaċa a mbosa, agus bíoḋ áṫas ar na cnoic le ċéile roiṁ an Tiarna: ó ṫáinig sé le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an doṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ