Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 7:6 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

6 Éiriġ suas, a Ṫiarna, id ḟearg, bí dod ardú féin, ó tá fearg ar mo naiṁde: seas ar mo ṡon sa ḃreiṫiúnas a dʼordaiġ tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

6 Éirgiḋ, ann d’feirg, tóg suas ṫu féin, Fa ċorruiḋe m’eascar’ ṫréin; A’s ċum na breiṫe d’orduiġ tu, Musguil fam ċúis, a Ḋé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Eíriġ, a ṪIĠEARNA, an ṫfeirg, tóg súas ṫú féin tre anḃuirbe mo naiṁdesi: agus múscuil ar mo ṡonsa ċum an ḃreiṫeaṁnuis noċ do ḟúagruis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 7:6
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cuireann an Tiarna an ḟíréantaċt agus an breiṫiúnas i ḃfeiḋm: don uile ḋuine dá mbíonn á ḃrú ag an éigeart.


Aċ anois ó naċ ḃfaiġeann an dearóil faoiseaṁ ó ḃuaireaṁ: agus ó bíonn na boċtáin ag osnaíl ó ċroí.


Siúd is go siúlaim i lár an ḃuarṫa, taḃarfaiḋ tú sólás dom: sínfiḋ tú do láṁ uait ar ṁire mo naiṁde, agus beiḋ do láṁ ḋeas do mo ṡlánú.


Óir ċuir an naṁaid géarleanúint ar mʼanam; ṫreascair sé mo ḃeaṫa ċun talaiṁ: dʼḟág sé mé i mo luí sa dorċadas, mar na daoine atá i ḃfad marḃ.


Éiriġ, a Ṫiarna, cuidíoḋ mo Ḋia liom: ó ḃuaileann tú mo naiṁde uile ar ċnáṁ an ġéill; tá fiacla luċt an oilc briste agat.


Pléiġ mo ċúis, a Ṫiarna, leis an dream atá ag cur clampair orm: agus troid in aġaiḋ na ndaoine atá ag troid liom.


Dúisiġ, agus éiriġ go dtuga tú breiṫiúnas ar mo ċasaoid: tugaḋ mo Ḋia, agus mo Ṫiarna mo ċeart dom.


Éiriġ suas, a Ṫiarna, cad é an codlaḋ sin ort: dúisiġ, agus ná fan uainn de ṡíor.


Éiriġ, agus fóir orainn: agus fuascail sinn as uċt do ṫrócaire.


Éiriġ suas, a Ṫiarna Dia na slua, a Ṫiarna Iosrael, go mbreaṫnaí tú na págánaiġ uile: agus ná bí trócaireaċ don dream a ḃíos ciontaċ de ḋroċrún dʼaonġnó.


Mar imíonn brionglóid le dúiseaċt: is aṁlaiḋ a ċuirfiḋ tú a n‑íoṁá ar ceal as an gcaṫair.


Smaoiniġ ar ṫreiḃ dʼoiḋreaċta: agus ar ċnoc Ṡíóin ina mbíoḋ do ċónaí.


Maraíoḋ a sagairt leis an gclaíoṁ: agus ní raiḃ na baintreaċa ann a ċuirfeaḋ cluiċe caointe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ