Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 57:1 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, bíoḋ trócaire agat orm, ós asat atá dóċas mʼanama: ġeoḃaiḋ mé dídean faoi scáṫ do sciaṫán, go n‑imí an tíorántaċt seo ṫarainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Dean trócáre orm a Ḋé na ngrás, Dean trócaire orm gaċ ré; Oir ionadsa ta m’anam truaġ, Ag cur á ḋóiġ go léir. A’s raċuiġ me fáoi sgáil do sgéiṫ, Mo ṫearmonn a’s mo neart; Go tti a nuársin ann a dteid, Ṫoram na huilc air fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Bi trócaireaċ ḋaṁ, a Ḋé, bí trócaireaċ ḋaṁ: óir is ionnadsa atá dóiġ manma: agus a scáile do sciaṫán ḃías mo ḋóiġ, nó go ndeaċaiḋ na huilcsi ṫorum.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 57:1
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An drong a ċuireas a muinín sa Tiarna, beiḋ siad mar ṡliaḃ Ṡíóin: naċ féidir a ċorraí, aċ a ḃíos ina ṡeasaṁ daingean go deo.


Aċ bíonn dóċas agam as do ṫrócaire: is áḃar áṫais do mo ċroí do ṡlánú.


Ġlaoiġ mé os ard ar an Tiarna: is ar an Tiarna a ċuir mé mʼaċainí.


Pógaigí an mac, ar eagla go mbeaḋ fearg air, agus go raċaḋ siḃ ón slí ċeart agus ċun scriosa, má lastar a ḟearg dá laġad: is beannaiṫe an dream a ċuireas a ndóċas ann.


Beiḋ an duine agus an beiṫíoċ á slánú agat, a Ṫiarna: ní feaḃas go dtí do ṫrócaire, a Ḋia: agus beiḋ dóċas ag Síol Áḋaiṁ as scáile do sciaṫán.


Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, óir bíonn an duine ag iarraiḋ mé a ṡlogaḋ: bíonn sé gaċ lá ag troid, agus ag cur buarṫa orm.


An í an ḟíréantaċt rún daingean ḃur gcroí, a ċoṁṫionóil: agus an ceart é an breiṫiúnas a ṫugann siḃ uaiḃ, a luċt na céimíoċta?


Fuascail mé ó mo naiṁde, a Ḋia: cosain mé óna n‑éiríonn amaċ im éadan.


Cónóiḋ mé i do ṗailliún go deo: agus beiḋ mé i muinín do sciaṫán mar ḟoscaḋ.


Nár ċuiṁniġ mé ort i mo leaba luí: agus naċ ort a smaoiniġ mé agus mé i mo ḋúiseaċt?


Tugaimidne buíoċas leat, a Ḋia: is duit a ṫugaimid buíoċas.


Agus cuirfiḋ an dream a ḃfuil aiṫne acu ar dʼAinm a muinín ionat: óir níor ṫeip tú riaṁ, a Ṫiarna, ar an dream ḃíos dod iarraiḋ.


Cibé a ṁaireann faoi ċuṁdaċ an Té is Airde: fanfaiḋ sé faoi scáil an Uileċuṁaċtaiġ.


Cosnóiḋ sé faoina sciaṫáin ṫú, agus ní baol duit faoina ċleití: beiḋ a ḋílseaċt agus a ḟírinne agat mar sciaṫ agus mar ḋídean.


Óir is tú, a Ṫiarna, mo ḋóċas: is ró‑ard a ċuir tú do ṫeaċ cosanta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ