Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 51:1 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Bí trócaireaċ dom, a Ḋia, de réir do ṁórṁaiṫeasa: de réir méid do ṫrócaire, scrios amaċ mo ċionta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Dean trócair orm a Ḋé na ngrás, Ad ṫrócaire saorsa me; Sgrios as do réir do ċaoineas ġrá’ċ, Cionta a’s olc mo ṡliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Deuna trócaire orum, a Ḋé, do réir do ṫrócaire móire: do réir ro iomaid do ṫruáiġe scrios amaċ maindliġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 51:1
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fuascail sinn, a Ṫiarna ár nDia, agus cruinniġ sinn ó ḃeiṫ i measc na bpágánaċ: go dtugaimid buíoċas dod Ainm naofa, agus go mbí do ṁolaḋ á ṁaíoṁ againn.


Ní ṫug ár sinsear aird ar dʼḟearta san Éigipt, ná níor ċoinníodar cuiṁne ar do ṁórṁaiṫeas: aċ ag dul in easuṁlaíoċt ort ag an muir, dá ngairtear an Ṁuir Rua.


Ó fuascail mé, óir táim boċt ar díṫ ċuidiṫe: agus tá mo ċroí gortaiṫe i mo lár.


Bí le do ṡeirḃíseaċ de réir do ṫrócaire gráṁaire: agus múin do reaċta dom.


Bíonn an Tiarna gráṁar le gaċ duine: agus bíonn a ṫrócaire os cionn a oibreaċa uile.


Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia mʼḟíréantaċta: is tú a dʼḟuascail mé as mo ḃuaireaṁ; glac trócaire dom, agus taḃair cluas dom urnaí.


Dʼḟoilsiġ mé dʼḟíréantaċt sa ṁórċruinniú: féaċ, ní ċoinneoiḋ mé mo ḃéal ina ṫost, agus tá a ḟios agat é, a Ṫiarna.


Aċ tiocfaiḋ mise isteaċ i do ṫeaċ, ag dul i muinín méid do ṫrócaire: is faoi dʼeagla a ḃeiḋ mé ag aḋraḋ i dtreo do ṫeampaill naofa.


Tiontaiġ do ġnúis ó mo ṗeacaí: agus scrios amaċ mo ṁíġníoṁarṫa uile.


Aċ, a Ṫiarna, is ċugat a ḋéanaim mʼurnaí: san am a ḃfaiġim dea‑uain ċuige.


Ná báḋ an tuile uisce mé, agus ná slogaḋ an t‑aigéan mé: agus ná druideaḋ an poll a ċraos orm.


An ndearna Dia dearmad ar a ṁaiṫeas: nó an gcuirfiḋ sé suas dá ċarṫanaċt ġráṁar agus díḃeirg air?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ