Psailm 42:4 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)4 Nuair a ḃím ar na smaointe sin, ligim le raċt mo ċroí im aonar: óir ṫéinn leis an slua, agus ṫug mé iad isteaċ i dteaċ Dé; အခန်းကိုကြည့်ပါ။Psalma Ḋaiḃí 18364 Ta m’anam air na ḋortaḋ amaċ, A cuimniuġaḋ gaċ níḋ; Oir ċuaiḋ me leis an ccóiṁṫionól, Dul léo go teampoll Dé. Do ċuaiġ me léo le gairdeaċas, ’Sṁolaḋmuir fós le ċéil; Leis an ccuideaċta sin do ḃí, Ag coiṁead laéṫe féil. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)4 Cuiṁniġim na neiṫesi, agus dóirtim orum amaċ manam: óir dó ċuáiḋ mé ris an ccoiṁṫionól, do ċuáiḋ mé léo go tiġ Dé, lé guṫ lúaṫġáire agus molta, le hiomad ag congṁail láoi féile. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |