Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 17:1 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Éist leis an gceart, a Ṫiarna, taḃair aire do mo ġearán: agus taḃair cluas dom urnaí, naċ dtéann amaċ as béal bréagaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Eist a Ṫiġearna ris an gcóir, Dom ġlaoiḋ taḃair aire ḃeó; A’s cluinn a nurnuiġ ṫig amaċ, Om’ḃeul ġan ḃréig gan ġó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Eist an ceart, a ṪIĠEARNA, taḃair aire dom éiġioṁ, taḃair clúas dom urnuiġ, noċ imṫiġeann amaċ as pusuiḃ meaḃlaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 17:1
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná ceil do ġnúis orm in am mo ḃuarṫa: claon do ċluas ċugam nuair a ġlaoim; taḃair éisteaċt dom gan ṁoill.


Níl aṁras orm naċ ndíoġalfaiḋ an Tiarna na boċta: agus naċ bpléifiḋ sé cúis na n‑éidreoraċ.


Ġlaoiġ mé os ard ar an Tiarna: is ar an Tiarna a ċuir mé mʼaċainí.


Ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna, agus dúirt mé: Is tú mo ḋóċas, agus mo ċuid ar ṫalaṁ na mbeo.


Éist lem urnaí, a Ṫiarna, agus bíoḋ aird agat ar mʼaċainí: taḃair cluas dom as uċt dʼḟírinne agus as uċt dʼḟíréantaċta.


Is fogas an Tiarna don dream a ġlaos air: an ṁéid acu a ġlaos air go dlisteanaċ.


Ṫug sé amaċ mé in áit ṡaoirse: ṫug sé slán mé, ar an áḃar go raiḃ dáiṁ aige liom.


Fuasclóiḋ tú mé ó ionsaiṫe na ndaoine: agus cuirfiḋ tú mé i gceannas na náisiún.


Taḃair saorḃreiṫ orm, a Ḋia, agus pléiġ mo ċúis in aġaiḋ na ndaoine míċráifeaċa: fuascail mé ón ḃfear fealltaċ urċóideaċ.


Éisteaḋ mo Rí agus mo Ḋia le fuaim mo scairte: óir is ċugat a ḃead ag guí.


Féaċ, is é Dia mo ċúntóir: tá an Tiarna i ḃfoċair luċt cosanta mʼanama.


Tráṫnóna, agus ar maidin, agus um meán lae beiḋ mé ag guí, agus ag guí go dian: agus éistfiḋ sé le mo ġlór.


Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia: taḃair cluas do mʼurnaí.


Glaofaiḋ mé ort ó ḋeireaḋ an doṁain: nuair is tromċroíoċ mé.


Taḃarfaiḋ an Tiarna breiṫiúnas ar na ciníoċa; taḃair saorḃreiṫ orm, a Ṫiarna: de réir mʼḟíréantaċta, agus de réir na neaṁċiontaċta a tá ionam.


Féaċ, a Ḋia is dídean dúinn: féaċ ar aġaiḋ an Té a dʼung tú.


Claon anuas, a Ṫiarna, do ċluas, agus éist liom: ó táim i mboċtanas agus i mbuaireaṁ.


Taḃair cluas, a Ṫiarna, dom urnaí: taḃair aire dom aċainíoċa uṁla atá á rá os ard.


Bítear do mo ṁeas ar an dream a ṫéas síos sa ṗoll: ḃínn i mo ḋuine gan lúṫ gan láṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ