Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 123:1 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Is ċugat ardaím mo ṡúile: ċugatsa atá i do ċónaí sna neaṁa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Mo ṡuile ṫóguim suas do ġnáṫ, Ḋuitse air neaṁ, an tséin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ċugadsa tógḃuim súas mo ṡúile, ó ṫusa noċ áitreaḃus annsna neaṁuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 123:1
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá an Tiarna ina ṫeampall naofa: tá caṫaoir an Tiarna ar neaṁ.


Ós ag tráċt ar ár nDia é, is ar neaṁ atá sé: níl ní dár ṫaitin leis naċ ndearna sé.


Sa ḃuaireaṁ dom ġlaoiġ mé ar an Tiarna: agus ṫug sé cluas dom.


Ardóiḋ mé mo ṡúile ċun na gcnoc: cé as a dtagann mo ċaḃair?


Ḃí lúċáir orm nuair a dúraḋ liom: Raċaimid go teaċ an Tiarna.


Murab é go raiḃ an Tiarna é féin ar ár dtaoḃ, féadann Iosrael a rá anois: murab é go raiḃ an Tiarna ar ár dtaoḃ, nuair a dʼéiriġ na daoine inár n‑aġaiḋ;


An drong a ċuireas a muinín sa Tiarna, beiḋ siad mar ṡliaḃ Ṡíóin: naċ féidir a ċorraí, aċ a ḃíos ina ṡeasaṁ daingean go deo.


Nuair a dʼḟuascail an Tiarna Síón as broid: ba ċosúil sinne le daoine a ḃíos ag brionglóideaḋ.


Mura dtógann an Tiarna an teaċ: téann obair na saor amú.


Is beannaiṫe a mbíonn eagla an Tiarna orṫu: agus a ṡiúlas ina ṡlite.


Is minic a ṫroideadar liom óm óige aníos: féadann Iosrael a rá anois.


As íoċtar an aigéin ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna. A Ṫiarna, éist le mo ġlór.


A Ṫiarna, nílim ard‑intinneaċ: níl dreaċ an díomais orm.


A Ṫiarna, cuiṁniġ ar Ḋáiḃí: agus ar a ḃfuair sé de ḃuaireaṁ;


Féaċ, naċ sona agus naċ suairc é: bráiṫre a ḃeiṫ ar aontíos agus ar aon intinn le ċéile!


Féaċaigí anois, agus molaigí an Tiarna: a ṡeirḃíseaċa uile an Tiarna;


Tá ár gcnáṁa ina luí scapṫa faoi ḃéal an ṗoill: mar aḋmad á scoilt agus á ṡnoí ar an talaṁ.


Déanfaiḋ an té a ṡuíos ar neaṁ gáire magúil fúṫu: beiḋ an Tiarna ag fonóid fúṫu.


Iompaiġ ċugam agus déan trócaire orm: óir táim i mo ṫruán tréigṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ