Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 10:7 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

7 Bíonn a ḃéal lán de ṁallaċtaí, de ḃréaga agus de ṁealltóireaċt: bíonn an éagráifeaċt agus an díoṁaointeas faoina ṫeanga.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

7 Do ġo ’s do ṁallaċd, a’s do ċeilg, A ḃeulsan lán ata: Ta urċóiḋ ṁór is dioṁáoineas, Fa ṫeanga san do ġnaṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Atá a ḃéul lán do ṁallaċd agus do meaḃuil agus do ċeilg: faói na ṫeangaiḋ atá urċóid agus díoṁaóineas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 10:7
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Laḃraíonn gaċ duine díoṁaointeas lena ċoṁarsa: ní ḃíonn a mbéal aċ ag cur cluana, agus a gcroí cealgaċ ag cur i gcéill.


Bíonn a dteanga bearrṫa acu mar ṫeanga péiste: bíonn niṁ na naṫraċ niṁe faoina mbéal.


Titeaḋ mailís a mbéal féin ina mullaċ féin: ar an dream a ḃíos do mo ṫimpeallú.


Bí do mo ṡaoraḋ agus dom ḟuascailt as láiṁ na gcoiṁṫíoċ: naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas, agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeas‑san.


Naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas: agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeassan.


Ní ṫagann focal fíréanta as a ḃéal, aċ a lán bréag: ċuir sé suas den stuaim agus de na dea‑ḃéasa.


Agus má ṫagann sé dom ḟéaċaint, bíonn an díoṁaointeas á rá aige: agus cumann a ċroí istiġ bréaga leis féin, agus sceiṫeann sé é nuair a imíonn sé.


Óir níl a mbéal iontaofa: is í an éagóir féin a gcroí istiġ.


Ligteá do do ḃéal an t‑olc a rá: agus ċuireaḋ do ṫeanga na bréaga in iúl.


Bʼansa leat an neaṁḟíréantaċt ná an ṁaiṫeas: agus bʼḟearr leat laḃairt ar ḃréaga ná laḃairt ar an ḃfíréantaċt.


Ċuir sé a láṁa ar an té a ḃí i síoċáin leis: agus ḃris sé a ċonraḋ.


Bíonn luċt an oilc contrárṫa, ó ḃroinn a máṫar féin: ní luaiṫe a ṡaolaítear iad, ná téann siad ar seaċrán, agus insíonn siad bréaga.


Ar son peacaí a mbéil, agus ar son briaṫar a mbeol, béarfar orṫu ina n‑uaḃar: agus cad é an fáṫ? De ḃrí naċ gcanann siad aċ mallaċtaí aʼs bréaga.


Cuir ar ceal iad id ḟearg, cuir ar neaṁní iad, go raiḃ deireaḋ leo: agus go raiḃ a ḟios acu gurb é Dia a ḃíos ag rialú in Iácób, agus go críoċa an doṁain.


Ní ḃeartaíonn siad aċ conas a ċuirfeas siad amaċ an té is toil le Dia a ardú: bíonn an dea‑ḟocal óna mbéal, agus an ṁallaċt óna gcroí.


A ċuir faoḃar ar a dteanga, mar ċlaíoṁ: agus a scaoileas a saiġeada, mar tá, focail scarḃa.


Tá airm ṁarfaċa ullaṁ aige: tá saiġeada i ndán aige do luċt na géarleanúna.


Bíonn siad mealltaċ diaṁaslaċ: laḃraíonn siad in aġaiḋ an Té is Airde.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ