Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Psailm 10:12 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

12 Dúirt sé ina intinn féin, Is cuma, rinne Dia dearmad air: tá sé ag folaċ a ġnúise, agus ní ḟeicfiḋ sé ċoíċe é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Psalma Ḋaiḃí 1836

12 Iehoḃa, éiriġ suas go hárd, A Ḋia ta neartṁar tréun, Tóg suas do láṁ ’sna dearmuid ċoiḋċ’ An tuṁal lag ann ḟéiḋm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA; a Día, tóg súas do láṁ: ná dearmuid an tuṁal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Psailm 10:12
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cá ḟad, a Ṫiarna, a ndéanfaiḋ tú síorḋearmad orm: cá ḟad a gceilfiḋ tú do ġnúis orm?


Éiriġ, a Ṫiarna, féaċ san aġaiḋ air, agus cuir ar lár é: slánaiġ mʼanam ar luċt an oile le do ċlaíoṁ féin;


Taispeáin do ċarṫanaċt iontaċ, a ḃíos mar ṡlánaiṫeoir ag an dream a ċuireas a muinín ionat: ón luċt a ċuireas in aġaiḋ do láiṁe deise.


Éiriġ, a Ṫiarna, cuidíoḋ mo Ḋia liom: ó ḃuaileann tú mo naiṁde uile ar ċnáṁ an ġéill; tá fiacla luċt an oilc briste agat.


Éiriġ suas, a Ṫiarna, id ḟearg, bí dod ardú féin, ó tá fearg ar mo naiṁde: seas ar mo ṡon sa ḃreiṫiúnas a dʼordaiġ tú.


Cuiṁniġ air seo, a Ṫiarna, conas a ṫug an naṁaid aċasán: agus a ṫug an ṁuintir amaideaċ masla dod Ainmse.


An ndearna Dia dearmad ar a ṁaiṫeas: nó an gcuirfiḋ sé suas dá ċarṫanaċt ġráṁar agus díḃeirg air?


Óir is cuiṁin leis iad nuair a ḃíos sé ag agairt fola: ní hé a ḋearmad casaoid na mboċt.


Déan trócaire orm, a Ṫiarna; breaṫnaiġ mo ḃuaireaṁ ó luċt mʼḟuaṫa: tusa a ṫógas mé ó ḋoirse an ḃáis.


Éiriġ, a Ṫiarna, agus ná lig an bua leis an duine: tugtar breiṫ ar na págánaiġ i do láṫair.


Éiriġ, a ḃreiṫiṁ an doṁain: agus taḃair a ḋíol cúitiṫe do ḋrong an díomais.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ