Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?
Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.
aċt atá foillsiġṫe anois tré ṫaisbeánaḋ ár Slánuiġṫeora Íosa Críost, do ċuir an bás ar ceal, agus ṫug an ḃeaṫa agus an do‐ṁarḃṫaċt ċum solais tríd an soiscéal,
san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin.