Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 18:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus is innti‐se fríṫ fuil na ḃfáiḋ agus na naoṁ, agus fuil ar marḃaḋ ar doṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus is innte fríṫ fuil na ḃfaiḋeaḋ, agus na náoṁ, agus na nuile ḋaóineaḋ do marḃaḋ ar an dtalaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 18:24
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairsíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir is cosṁail siḃ le tuamaiḃ aolta, ḃíos go taiṫneaṁaċ le feicsin ar an taoḃ amuiġ, aċt atáid istiġ lán de ċnáṁaiḃ daoine marḃ, agus de’n uile ḃréantas.


go dtiocfaiḋ oraiḃ gaċ ar doirteaḋ d’ḟuil na ḃfíréan ar talaṁ, ó ḟuil Aibéil ḟíréanta go fuil Ṡaċariais ṁic Ḃaraċiais, do ṁarḃaḃar idir an sanctóir agus an altóir.


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ