Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 14:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus do ḋearcas, agus féaċ, néall geal, agus an té do ḃí cosṁail le Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, coróin óir ar a ċeann, agus corrán géar ’n‐a láiṁ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus daṁairc mé, agus féuċ néull geal, agus neaċ na ṡuiḋe air a néull cosṁuil ré Mac an duine, agá raiḃ coróin órrġa ar a ċeann, agus corrán géur ann a láiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 14:14
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.


Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Aċt nuair ḃíos an toraḋ aibiḋ, ar an laṫair cuireann seisean an corrán ann, de ḃriġ go ḃfuil am an ḟóġṁair ann.


Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


agus i lár na gcoinnleoir, an duine do ḃí cosṁail le Mac an Duine, róba go troiġ air, agus crios óir timċeall a uċta.


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Agus do ċonnacas aingeal tréan eile ag teaċt anuas ó neaṁ, néall mar ċlúdaċ air, agus boġa ceaṫa os a ċionn, agus do ḃí a ġnúis cosṁail leis an ngréin, agus ḃí a ċosa cosṁail le colaṁnaiḃ téineaḋ;


agus d’aḋradar Dia, g‐á ráḋ, Do‐ḃeirimíd a ḃuiḋeaċas leat, a Ṫiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaiġ, atá ann, agus do ḃí ann, agus ḃéas ann; gur ġaḃais ċugat do ċuṁaċt, agus gur ġlacais réimeas ríoġ.


Agus atá a ṡúilí ’n‐a lasair teineaḋ, agus atá a lán coróineaċ ar a ċeann; agus atá ainm scríoḃṫa air naċ aiṫnid d’aon duine aċt dó féin.


Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall bán, agus boġa ’n‐a láiṁ ag an té do ḃí ar muin air; agus tugaḋ coróin dó: agus do ċuaiḋ sé amaċ ag breiṫ buaḋa agus an ḃuaiḋ ’n‐a ċóṁair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ