Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 13:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus gan cumas ḃeiṫ ag aon duine rud do ċeannaċ ná do ḋíol, aċt ag an té aṁáin ar a mbéaḋ marc, nó uiṁir an ainṁiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus naċ bíaḋ cúmas ag éinneaċ réic nó ceannaċ, aċd aṁáin ag an tí ar a mbíaḋ an coṁarṫa, nó ainm a nainṁiḋe, nó úiḃir a anma.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 13:17
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

As so amaċ ná cuireaḋ aoinneaċ caṫú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo ċorp.


Agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar an uile ḋuine, idir ḃeag agus ṁór, ṡaiḋḃir agus ḃoċt, ṡaor agus ḋaor, marc do glacaḋ ċuca ar a láiṁ ḋeis, nó ar ċlár a n‐éadain;


Atá gáḃaḋ le h‐aigeantaċt annso. An té go ḃfuil tuigsin aige, cóṁaireaḋ sé uiṁir an ainṁiḋe, óir is uiṁir duine í; agus is í is uiṁir dó, Sé céad, trí fiċid, a sé.


agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme.


Agus do lean an treas aingeal g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Má ḃeireann aoinneaċ aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, agus má ġlacann sé marc ar ċlár a éadain, nó ar a láiṁ,


Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.


agus ċífiḋ siad a ġnúis; agus béiḋ a ainm ar ċláraiḃ a n‐éadain.


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ