Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 5:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Ná biḋiḋ ag cannrán i n‐aġaiḋ a ċéile, a ḃráiṫre, ċum naċ dtiuḃarfar breiṫeaṁnas oraiḃ: féaċ, atá an breiṫeaṁ ’n‐a ṡeasaṁ ag an doras.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ná bíġiḋ ag gnúsuċduiġ ar a ċéile, a ḋearḃráiṫre, deagla ḃur ndamnuiġṫe: féuċ, atá an breiṫeaṁ na ṡeasaṁ ag an doras.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 5:9
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

mar sin daoiḃ‐se, nuair ċífeas siḃ na neiṫe sin go léir, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i ngar daoiḃ, ins na dóirsiḃ féin.


mar sin daoiḃ‐se, nuair do‐ċífiḋ siḃ na neiṫe seo ag teaċt ċum críċe, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i ngar daoiḃ, sa doras féin.


Agus do ḃí olc ag Héródias ċuige, agus do ḃí fonn uirṫi a ṁarḃaḋ; agus níor ḟéad sí a ḋéanaṁ;


Ṫárla na neiṫe úd ḋóiḃ mar ṡamplaí, agus tá siad scríoḃṫa ċum raḃaḋ do ṫaḃairt dúinne, go ḃfuil deireaḋ an tsaoġail tagṫa orainn.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Taḃraḋ gaċ aoinneaċ do réir mar tá ceapṫa ’n‐a ċroiḋe aige, gan ḃeiṫ doiċeallaċ, ná gan dul i n‐éadan a ṫola, óir is geal le Dia an té ḃronnas go fáilteaċ.


Óir ċóiṁlíontar an dliġe uile i n‐aon ḟocal aṁáin; Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin.


Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile.


Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú.


Atá aon dliġeadóir agus aon ḃreiṫeaṁ aṁáin ann, go ḃfuil ar ċumas dó saoraḋ agus daoraḋ: cia ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar do ċóṁarsain?


Glacaiḋ mar ṡompla fulaing agus foiḋne, a ḃráiṫre, ná fáiḋe do laḃair i n‐ainm an Tiġearna.


Biḋiḋ foiġdeaċ d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, go teaċt an Tiġearna. Féaċ, bíonn an scológ ag fanaṁain le toraḋ luaċṁar na talṁan, agus é go foiġdeaċ ’n‐a ṫaoḃ, nó go ḃfaiġiḋ sé fearṫainn an earraiġ agus fearṫainn an ḟóġṁair.


Ḃéarfaiḋ siad cunntas do’n té atá ullaṁ ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.


Biḋiḋ fáilteaċ roiṁ a ċéile gan doiċeall.


Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ