Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Aċd a néagna úd ó neaṁ atá sí glan ar tús, na ḋiáiġ sin síoṫċánta, ceannsuiġ, sóṫeaguisg, lán do ṫrócaire agus do ḋeaġṫórtuiḃ, gan ċláon, gan ḟallas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 3:17
63 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar sin daoiḃ‐se: bíonn cuma na fíréantaċta oraiḃ i ḃfiaḋnaise na ndaoine, aċt bíonn siḃ istiġ lán d’ḟuar‐ċráḃaḋ agus de ċuirpṫeaċt.


Is aoiḃinn do luċt an ċroiḋe ġlain, mar doċífid‐sean Dia. Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána do ḋéanaṁ,


óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.


Biḋiḋ trócaireaċ, d’á ḃriġ sin, fá mar atá ḃúr nAṫair trócaireaċ.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Do ċonnaic Íosa Natanaél ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé leis, Féaċ an t‐Israelíteaċ fíor naċ ḃfuil aon ċealg ann!


óir fear maiṫ ab eaḋ é, agus do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ agus de ċreideaṁ: agus ba ṁór an méid daoine tugaḋ ċum an Tiġearna.


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ceilg. Bíoḋ fuaṫ agaiḃ do’n olc; claoiḋiḋ leis an gceart.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


i ngeanṁaiḋeaċt, i n‐eolas, i ḃfad‐ḟulang, i gcáirdeaṁlaċt, san Spiorad Naoṁ,


Mar féaċ, an niḋ céadna so, gur cuireaḋ doilġeas diaḋa oraiḃ‐se an dúṫraċt d’oibriġ sé ionnaiḃ, agus an leiṫscéalaḋ, agus an díombuaiḋ, agus an eagla, agus an tnúṫán, agus an díoġrais, agus an díolaiḋeaċt! Do ċruṫuiġ siḃ ḃeiṫ glan ar fad san gcás so.


Agus an té do‐ḃeir síol do’n tsíoladóir agus arán mar ḃiaḋ, soláṫróċaiḋ agus méadóċaiḋ sé síol ċum curṫa ḋaoiḃ, agus méádóċaiḋ sé toraḋ ḃur ḃfíréantaċta:


(Óir atá toraḋ an tsolais i ngaċ saġas maiṫeasa, agus fíréantaċta, agus fírinne),


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin:


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe.


gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.


Is fíor naċ aḋḃar sóláis, aċt áḋḃar dóláis an smaċtú fá láṫair, do réir cosṁalaċta: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin do‐ḃeir sé toraḋ síoṫċánta do na daoiniḃ cleaċtar leis, toraḋ na fíréantaċta.


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


Óir breiṫeaṁnas gan trócaire is eaḋ ġeoḃas an té naċ ndearna trócaire: buaḋann an trócaire ar an mbreiṫeaṁnas.


naċ mbíonn leiṫ‐ċeal d’á ḋéanaṁ agaiḃ ’n‐ḃur h‐intinn féin, agus naċ mbíonn siḃ ’n‐ḃur mbreiṫeaṁnaiḃ droċrúnaċa?


Ní h‐í seo an eagnaiḋeaċt ṫig anuas, aċt atá sí talṁaiḋe, colnaiḋe, deaṁnaiḋe.


Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Cuiriḋ ḋíḃ, d’á ḃriġ sin, gaċ droċ‐rún, agus calaois,


A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal do ḃur máiġistriḃ le gaċ eagla; ní h‐é aṁáin dóiḃ‐sean atá maiṫ, cneasta, aċt dóiḃ‐sean, leis, atá mí‐réasúnta.


A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.


Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ