Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt má ḃíonn searḃ‐éada agus mian aiġnis ’n‐ḃur gcroiḋe, ná biḋiḋ ag maoiḋeaṁ as, agus ná biḋiḋ ag laḃairt bréige i n‐aġaiḋ na fírinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Giḋeaḋ má ḃíonn séarḃus tnúṫa agus brosduġaḋ feirge aguiḃ an ḃur gcroiḋṫiḃ, ná déunuiḋ mórḋáil, ná bréug a naġuiḋ na fírinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 3:14
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir do ḃí a ḟios aige gur le formad ṫugadar ar láiṁ é.


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad,


Agus d’ḟás éad ar na paitriárċaiḃ le Seosaṁ, gur ḋíoladar isteaċ san Éigipt é:


do líonaḋ iad d’olcas, de ċuirpṫeaċt, de ṡainnt, de ṁailís; do ḃíodar lán d’ḟormad, de ḋúnṁarḃaḋ, d’aċrann, de ċeilg, de ḋroċ‐rún;


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


Aċt má tá ainm lúdaiġ ort, agus má’s ar an dliġe atá do ṡeasaṁ, agus má ṁaoiḋeann tú as Dia,


aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,


Atá an gráḋ foiġdeaċ, deaġċroiḋṫeaċ; ní ġlacann sé formad; ní ḋéanann an gráḋ maoiḋṁeaċas ná baoṫġlór;


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


Aċt má ḃíonn siḃ ag sclaṁaḋ agus ag alpaḋ a ċéile, taḃraiḋ aire naċ scriosfaiḋ siḃ a ċéile.


íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad,


ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé.


Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile.


Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.


Is fíor go ḃfuil dream ann ṡeanmóruiġeas Críost tré ḟormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ġní ó ḋeaġ‐ṫoil é;


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


gur mian leis go slánuiġtiḋe na daoine uile agus go ḃfaiġdís lán‐eolas ar an ḃfírinne.


atá sé lán d’uaḃar, ní ḟuil aon eolas aige; aċt atá sé ar mearḃall fá ċeisteannaiḃ, agus fá ḟoclaiḃ aċrannaċa, ó n‐a ḃfásann formad, aiġneas, masla, droċ‐aṁras,


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Is d’á ṫoil féin do ġein sé le briaṫar na fírinne sinn, ċum go mbéimís mar ċéad‐ṫorṫa a ḃfuil cruṫuiġṫe aige.


Óir san áit ’n‐a ḃfuil éada agus aiġneas is ann ḃíos aċrann agus gaċ droċ‐ġníoṁ.


A ḃráiṫre, má tá aoinneaċ ’n‐ḃur measc ag claonaḋ ó’n ḃfírinne, agus má ṫionntuiġeann duine eile é,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ