Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 2:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Creideann tusa naċ ḃfuil aċt aon Dia aṁáin ann; is maiṫ do‐ġní tú; creideann na deaṁain féin é, leis, agus bíonn baill‐ċriṫ orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Creidiġ tusa go ḃfuil áon Ndía ann; as maiṫ do ní tú sin: creidid na deaṁuin féin mar an gcéudna, agus crioṫnuiġid síad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 2:19
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus d’ḟreagair Íosa, Is í an ṗríoṁ‐aiṫne ḋíoḃ uile, Éist, a Israel; is aon Dia aṁáin do Ṫiġearna‐sa:


agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.


Agus aduḃairt sé leo, Is breáġ mar ċuireann siḃ aiṫne Dé ar neaṁ‐niḋ, ċum ḃúr sean‐ġnáis féin do ċleaċtaḋ.


Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Do lean sise Pól agus sinne, ag glaoḋaċ go h‐árd, g‐á ráḋ, Seirḃísiġ do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt sliġe an tslánuiġṫe ḋaoiḃ.


Agus d’ḟreagair an droċ‐spioraid agus aduḃairt sé leo, Atá aiṫne agam ar Íosa, agus atá aiṫne agam ar Ṗól; aċt cia siḃ‐se?


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ.


Uime sin i dtaoḃ biaḋ d’iṫe atá íobarṫa d’íoḋalaiḃ, atá a ḟios againn naċ éinniḋ íoḋal ar doṁan, agus naċ ḃfuil ann aċt aon Dia aṁáin.


mar sin féin n ḟuil againne aċt aon Dia aṁáin, an tAṫair, ó n‐a dtagann gaċ uile niḋ, agus sinne le n‐a aġaiḋsean; agus aon Tiġearna Íosa Críost aṁáin, tré n‐a ḃfuil an uile niḋ ann, agus sinne tríd‐sean.


Anois ní ḃíonn eadarġuiḋṫeoir ann muna ḃfuil aċt duine n‐a aonraic ann aċt is n‐a aonar atá Dia.


Óir ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin, agus an t‐aon idir‐ṁeaḋóntóir aṁáin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,


Aċt má ċóiṁlíonann siḃ an dliġe ríoġḋa do réir na scrioptúra, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin, atá siḃ ag déanaṁ go maiṫ:


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ