Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 2:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Aċd, a déuruiḋ neaċ éigin, Atá creideaṁ agadsa, agus atáid oibreaċa agumsa: taisbéinse ḋáṁsa do ċreideaṁ a ḃféugmuis hoibreaċa, agus taisbéuneadsa mo ċreidiṁ ḋuitse as ṁoibreaċuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 2:18
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt an té atá i n‐aṁras cionntuiġtear é má iṫeann sé, de ḃriġ naċ ó ċreideaṁ é; agus rud ar biṫ naċ ḃfuil bun creidiṁ faoi, is peacaḋ é.


Óir measaimíd go ḃfíréanuiġtear an duine tré ċreideaṁ, gan baint le h‐oibreaċaiḃ dliġe.


Aṁail mar ċuireann Dáiḃi síos ar aoiḃneas an duine d’á n‐áirṁeann Dia fíréantaċt taoḃ amuiġ d’oibreaċaiḃ,


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Adéarfaiḋ tú liom annsin, Cad ċuige ḋó ḃeiṫ ag fáġáil loċt fós? óir cia h‐é atá ag cur i gcoinne a ṫola?


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Tré ċreideaṁ níor scriosaḋ Raċab méirdreaċ i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ do ḃí easuṁal, ó d’ḟáiltiġ sí go síoṫċánta roiṁ na spíodóiriḃ.


daoine do ċlaoiḋ ríoġaċta tré ċreideaṁ, do rinne an ceart, fuair na geallaṁnaċa, do ḋún béal na leoṁan,


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


Cia an tairḃe, a ḃráiṫre, do’n duine adeir go ḃfuil creideaṁ aige, gan gníoṁarṫa ḃeiṫ aige, leis? an ḃféadann an creideaṁ sin a ṡlánú?


Cia h‐é an duine agaiḃ atá eagnaiḋe, tuigseanaċ? Taisbeánaḋ sé a ġníoṁarṫa le n‐a ḋeaġ‐iomċar saoġalta, le caoin‐spiorad na h‐eagna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ