Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Séamas 2:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Cia an tairḃe, a ḃráiṫre, do’n duine adeir go ḃfuil creideaṁ aige, gan gníoṁarṫa ḃeiṫ aige, leis? an ḃféadann an creideaṁ sin a ṡlánú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Créd é an tarḃa, a ḋearḃráiṫre, do neaċ a ráḋ go ḃfuil creideaṁ aige, agus gan oibreaċa aige? an ḃféudann an creideaṁ a ṡáoraḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Séamas 2:14
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna.


Aċt an té éisteas, agus naċ ndéanann, is cosṁail eisean le fear do ṫóg teaċ ar an gcré gan bun faoi; agus gur ḃuail an tuile ’n‐a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé ar an láṫair; agus ba ṁór é tuitim an tiġe sin.


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Agus do ċreid Síomón féin: agus iar n‐a ḃaisteaḋ, d’ḟan sé i ḃfoċair Ṗilib; agus nuair do ċonnaic sé cóṁarṫaí agus míorḃailtí móra d’a ndéanaṁ, ḃí iongnaḋ mór air.


Ní ḟuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní ḟuil do ċroiḋe ceart i láṫair Dé.


Óir atá tairḃe san timċeall‐ġearraḋ má ċoiṁeádann tú an dliġe: aċt má ḃriseann tú an dliġe, atá do ṫimċeall‐ġearraḋ ’n‐a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ agat.


agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ.


Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt.


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair rinne Dia froṁaḋ air, d’íoḋbair sé Íosóg; an té fuair a raiḃ geallta, do ḃí sé ag íoḋbairt a aon‐ġeine;


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Ná bíoḋ aon ṁearḃall oraiḃ, a ḃráiṫre ionṁaine.


agus go n‐abróċaḋ duine agaiḃ leo, Imṫiġiḋ i síoṫċáin, déanaiḋ ḃur ngoraḋ féin, agus bíoḋ ḃur sáiṫ agaiḃ; gan na neiṫe atá riaċtanaċ do’n ċolainn do ṫaḃairt dóiḃ; cia an tairḃe é sin?


Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ.


Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


Ar an aḋḃar seo féin déanaiḋ lán ḃur ndíċill, agus cuiriḋ suḃáilce le n‐ḃur gcreideaṁ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ