Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 9:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus má’s toil le Dia a ḋíḃeirg do noċtaḋ, agus a ċuṁaċt do ċur i dtuigsin, gur ġlac sé go foiġdeaċ le soiṫiġiḃ feirge do cumaḋ ċum a scriosta;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd má dfulaing Día, ċum a ḟeirge féin a ṫaisbéanaḋ, agus a ċúṁaċd do ḋéanaṁ follus, tré iomad foiġide le soiġṫiġiḃ na feirge hórduiġeaḋ ċum damanta:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 9:22
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;


Óir is é adeir an scrioptúir le Farao, Ċuige seo is eaḋ do ṫógas suas ṫú, ċum mo ċuṁaċt do noċtaḋ ionnat, ċum go luaḋfaiḋe m’ainm ar fud an doṁain uile.


Ar an taoḃ eile ḋe, cia ṫusa, a ḋuine, atá ag bréagnú Dé? An niḋ atá cumṫa, an n‐abróċaiḋ sé leis an té do ċum é, Cad ċuige a ndearnais san tsliġe seo mé?


Naċ ḃfuil cuṁaċt ag an gcriadóir ar an gcré ċum an soiṫeaċ so do ḋéanaṁ ċum onóra, agus an soiṫeaċ eile do ḋéanaṁ ċum easonóra as an aon ċnap aṁáin?


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Óir ní ċum díḃeirge do ċeap Dia sinn, aċt ċum slánuġaḋ d’ḟáġáil tré n‐ár dTiġearna Íosa Críost,


Anois i dtiġ mór bíonn, ní h‐é aṁáin soiṫiġ óir agus airgid, aċt soiṫiġ aḋmaid agus cré, leis; cuid díoḃ ċum onóra, agus cuid díoḃ ċum easonóra.


Agus, Cloċ tuisliḋ, agus carraig scannail; óir tuisliġeann siad ar an mbriaṫar, toisc iad ḃeiṫ easuṁal dó: agus is é do ḃí i ndán dóiḃ.


an dream do ḃí easuṁal san am fad ó, nuair do ḃí foiġid Dé ag fanaṁain i laeṫiḃ Naoi, an ḟaid do ḃí an áirc d’á cur i dtreo, gur sáḃálaḋ beagán daoine, is é sin oċtar, innti treasna an uisce.


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ