Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 8:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Oir is náṁadus a naġuiḋ Dé gliocas na féola: óir ní úṁluiġeann sé do ḋliġeaḋ Dé, agus fós ní héidir leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 8:7
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Ar an aḋḃar sin, cibé duine ḃrisfeas aiṫne aṁáin de na h‐aiṫeantaiḃ seo is suaraiġe, agus ṁúinfeas na daoine mar sin, glaoḋfar air an duine is luġa i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt cibé duine do‐ġéanas agus ṁúinfeas iad, do‐ḃéarfar duine mór air i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Ní ḟéadann an saoġal fuaṫ do ṫaḃairt daoiḃ‐se; aċt atá fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, de ḃriġ go dtugaim fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h‐olc.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


luċt bíodáin, luċt cúl‐ċainnte, luċt gránna le Dia, tarcuisneaċ, uaiḃreaċ, blaḋmannaċ, luċt ceapṫa olcais, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ,


Uime sin, an ag déanaṁ neaṁ‐niḋ de’n dliġe tríd an gcreideaṁ atáimíd? Nár leigiḋ Dia é: is ag daingniú an dliġe atáimíd.


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


Óir taiṫneann dliġe Dé liom im’ anam istiġ:


ċum go gcóiṁlionfaiḋe ar órduiġ an dliġe ionnainne, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an spioraid.


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


do’n dream atá gan dliġe mar ḃéinn gan dliġe, giḋ naċ ḃfuilim gan dliġe i dtaoḃ Ċríost, ċum go mbuaiḋfinn na daoine atá gan dliġe.


Agus siḃ‐se do ḃí lá de’n traoġal ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ agus ’n‐ḃur náiṁdiḃ ’n‐ḃur n‐aigne de ḋeascaiḃ ḃur ndroċ‐ġníoṁarṫa, atá


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna: Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne, Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad: Agus béiḋead im’ Ḋia aca, Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam:


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


Atá súile lán d’aḋaltrannas aca, súile naċ scurann de’n ṗeacaḋ; ag meallaḋ na n‐anmann neaṁ‐ṡeasṁaċ; agus atá a gcroiḋeaċa cleaċta ar an sainnt;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ