Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 8:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Cia h‐é ċuirfeas cúis ar ṁuinntir ṫoġṫa Dé? Is é Dia ḟíréanuiġeas: cia h‐é ḋaorfas?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Cía ċuirfeas coirṫe a naġuiḋ ḋáoine toġṫa Dé? A sé Día ṡáoras.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 8:33
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.


Is eol daoiḃ, a ḃráiṫre, ionṁain le Dia, go ḃfuil siḃ toġṫa:


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ