Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 8:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Ar an gcuma ċéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anḃfainne: mar ní ḃíonn a ḟios againn créad ba ċeart dúinn d’iarraiḋ, agus sinn ag guiḋe: aċt do ġní an Spiorad féin eadarġuiḋe ar ár son le h‐osnaiġil do‐inniste.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus is mar an gcéadna ḟóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní ḃfuil a ḟios aguinn créd do íarrfaḋmaóis a nurnuiġe mar buḋ cóir: aċd do ní an Spiorad féin urnuiġe air ar son lé hosnaiḋiḃ dó-innse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 8:26
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir ní siḃ féin laḃarfas, aċt Spiorad ḃúr n‐Aṫar laḃarfas ionnaiḃ.


Aċt d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, Ní fios daoiḃ créad iarras siḃ. An cupán ólfad‐sa an féidir liḃ‐se a ól? Aduḃradar‐san leis, Is féidir linn.


Agus ar mbeiṫ ḋó i bpian‐ḃroid ċráiḋte, ba ḋéine do ġuiḋ sé: agus d’éiriġ a ċuid allais mar ḃéaḋ braoin fola ag tuitim ċum talṁan.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anḃfainne na ndaoine atá lag, gan ḃeiṫ ag lorg ár n‐aoiḃneasa féin.


Mo léan! naċ mise an duine truaġa! Cia ḟuasclóċas ó ċorp so an ḃáis mé?


Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.


Óir bímíd ag osnaiġil san bpailliún so, ag súil le clúdaċ ár n‐áitreaḃa atá ó neaṁ:


Óir ċóṁ fada is ḃímíd san bpailliún so bímíd ag osnaiġil, agus sinn fá ṫrom‐ualaċ; ní h‐é go mba ṁian linn ḃeiṫ gan clúdaċ, aċt ḃeiṫ clúduiġṫe, ċum go sluigfiḋe a ḃfuil so‐ṁarḃṫa leis an mbeaṫaiḋ.


Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige.


Iarrann siḃ, agus ní ḟaġann siḃ, de ḃriġ go n‐iarrann siḃ go h‐olc, ċum ḃur n‐ainṁianta do ṡásaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ