Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 8:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Oír níor ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad na seirḃíse a rís ċum eagla; aċd do ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad aṫarġaḋ na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 8:15
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ag cnuasaċ i n‐áit nár ċáiṫis: agus do ḃí eagla orm, agus d’imṫiġeas agus do ċuireas do ṫallann i ḃfolaċ sa talaṁ; féaċ, sin é do ċuid féin agat.


Agus aduḃairt sé, Abbá, a Aṫair, atá gaċ niḋ ar ċumas duit; cuir an cupán so ḋíom: ná déantar, áṁ, an niḋ is toil liom‐sa, aċt an niḋ is toil leat‐sa.


Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.


g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: aċt ċeana, nárab é mo ṫoil‐se aċt do ṫoil‐se do‐ġéantar.


Agus nuair do ċonnaic sé Íosa, do ġlaoḋ sé amaċ agus do ṫuit sé ar lár roiṁe, agus aduḃairt sé de ġuṫ árd, Caidé an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde?


Agus muinntear críċe na nGerasénaċ ṫart timċeall, d’iarr siad air imṫeaċt uaṫa; óir ba ṁór an eagla do ḃí orṫa: agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’ḟill sé ar ais.


Agus nuair ṫiocfas seisean, pléiḋfiḋ sé leis an saoġal i dtaoḃ an ṗeacaiḋ, agus an ċirt, agus an ḃreiṫeaṁnais:


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Agus do ġlaoḋ sé ar ṡoillsiḃ, agus do léim sé isteaċ, agus do ṫuit sé síos i ḃfiaḋnaise Ṗóil agus Ṡílais,


Nuair ċualadar an méid sin, ṫáinig corruiġe croiḋe orṫa, agus aduḃradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaiḃ, A ḃráiṫreaċa, créad atá le déanaṁ againn?


Do‐ḃeir an Spiorad féin a ḟiaḋnaise i n‐éinḟeaċt le n‐ár spiorad gur maicne Dé sinn: agus má’s maicne sinn,


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.


Ar an gcuma ċéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anḃfainne: mar ní ḃíonn a ḟios againn créad ba ċeart dúinn d’iarraiḋ, agus sinn ag guiḋe: aċt do ġní an Spiorad féin eadarġuiḋe ar ár son le h‐osnaiġil do‐inniste.


Israelítiġ, gur leo an uċtcaċt, agus an ġlóir, agus na connarṫa, agus an dliġe, agus aḋraḋ Dé, agus na geallaṁnaċa;


Aċt ní h‐é spiorad an tsaoġail fuaramair‐ne, aċt an spiorad ṫig ó Ḋia; ċum go mbéaḋ eolas againn ar na neiṫiḃ ḃronnas Dia go fial orainn.


Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean?


agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse:


Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.


do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola,


Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta.


agus ċum go saorfaḋ sé na daoine uile do ḃí fá ċuing na daoirse ar feaḋ a saoġail tré eagla an ḃáis.


Creideann tusa naċ ḃfuil aċt aon Dia aṁáin ann; is maiṫ do‐ġní tú; creideann na deaṁain féin é, leis, agus bíonn baill‐ċriṫ orṫa.


Ní ḟuil eagla san ngráḋ, aċt is aṁlaiḋ ċuireas gráḋ iomlán an eagla amaċ, óir baineann peannaid leis an eagla agus an té go mbíonn eagla air, ní ḟuil a ġráḋ go h‐iomlán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ