Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 7:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ar a naḋḃarsin, a ḃraiṫreaċa, atá siḃse leis marḃ don reaċd tré ċorp Ċríosd; ionnus go mbíaḋ siḃ ag fear eile, eaḋon, ḋosan noċ do tógḃaḋ súas ó ṁarḃaiḃ, ċum sinne toraiḋ ṫaḃairt do Ḋía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 7:4
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, do ġlac Íosa arán, agus do ḃeannuiġ, agus do ḃris sé é; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ é, agus aduḃairt, Glacaiḋ, agus iṫiḋ é; is é seo mo ċorp.


Agus iad‐san gur cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriaṫar, agus ġlacas ċuca é, agus do‐ḃeir toraḋ uaṫa, fá ṫrioċaid, agus fá ṫrí‐fiċid, agus fá ċéad.


Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.


An té ag a ḃfuil an ḃainċéile is é an fear nua‐ṗósta é: aċt cara an ḟir nua‐ṗósta atá ’n‐a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, bíonn an‐áṫas air mar ġeall ar ġuṫ an ḟir nua‐ṗósta: d’á ḃriġ sin, an t‐áṫas atá orm‐sa atá sé iomlán.


Is mise an t‐arán beo ṫáinig anuas ó neaṁ: má iṫeann duine an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ: agus an t‐arán do‐ḃéarfad‐sa, is é m’ḟeoil é, tugaḋ ċum beaṫaḋ an tsaoġail.


Mar sin daoiḃ‐se, measaiḋ siḃ féin ḃeiṫ marḃ do’n ṗeacaḋ, aċt ḃeiṫ beo do Ḋia tré Íosa Críost.


Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása.


Nár leigiḋ Dia é. Sinne atá marḃ do’n ṗeacaḋ, ċionnas ṁairfimíd níos faide ann?


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a ḟad agus atá a fear beo, glaoḋfar ban‐aḋaltrannaċ uirṫi; aċt má tá a fear marḃ, atá sí scaoilte ó’n dliġe sin: ar ṁoḋ naċ ban‐aḋaltrannaċ í, má tá féin go ḃfuil sí pósta le fear eile.


Aċt anois atáimid saor ó’n dliġe, ar mbeiṫ marḃ dúinn do’n dliġe ag a mbíoḋ greim orainn; ar ṁoḋ, naċ do réir sean‐scríḃinne do‐ġnímíd seirḃís, aċt do réir spioraid úr‐nua.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Cupán na mbeannaċt ḃeannuiġmíd, naċ é comaoin fola Ċríost é? An ḃollóg aráin ḃrisimíd, naċ é comaoin cuirp Ċríost é?


Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost.


D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann:


Aċt má tá siḃ fá ṫreorú an Spioraid, ní ḟuil siḃ fá’n dliġe.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


siḃ réiḋtiġṫe leis anois tré ċorp a ḟeola de ḃárr an ḃáis, ċum siḃ do ṫaḃairt naoṁṫa, gan loċt, gan cionnta ’n‐a ḟiaḋnaise,


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Do ċuir sé deireaḋ leis an mbanna atá scríoḃṫa i reaċtaiḃ ’n‐ár gcoinniḃ, do ḃí contrárḋa ḋúinn; agus do ġlan sé as an sliġe é,


Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so.


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Bíoḋ árd‐áṫas agus luṫġáir ṁór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagṫa, agus atá a ḃean ullaṁ.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ