Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 7:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Mo léan! naċ mise an duine truaġa! Cia ḟuasclóċas ó ċorp so an ḃáis mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Uċ mo ṫrúaiġe um ḋuine truailleánta! cía ṡáorfus mé ó ċorp an ḃáis so?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 7:24
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn dóiḃ‐sean do‐ġní dobrón, mar do‐ġeoḃaid sólás.


Is aoiḃinn dóiḃ‐sean ar a ḃfuil ocras agus tart ċum fíréantaċta, mar do‐ġeoḃaid a sáit.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.


Ar an gcuma ċéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anḃfainne: mar ní ḃíonn a ḟios againn créad ba ċeart dúinn d’iarraiḋ, agus sinn ag guiḋe: aċt do ġní an Spiorad féin eadarġuiḋe ar ár son le h‐osnaiġil do‐inniste.


’n‐ár timċeall‐ġearraḋ siḃ le timċeall‐ġearraḋ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, leis an timċeall‐ġearraḋ atá i gCríost, ag cur cuirp na feola ḋíḃ; ó h‐aḋnaċaḋ siḃ mar aon leis san mbaisteaḋ,


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


agus ċum go saorfaḋ sé na daoine uile do ḃí fá ċuing na daoirse ar feaḋ a saoġail tré eagla an ḃáis.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ